Séanna - Peadar Ó Laoghaire


Praghas:
Praghas €12

Cur síos

Gréasaí tuaithe é Séanna a dhéanann margadh leis an bhFear Dubh. Ní cheannóidh a bhfuil d’airgead ón bhFear Dubh aige suaimhneas aigne dó. Tá trí bliana déag aige sula dtagann an Fear Dubh ar ais chun Séanna a thabhairt leis. Ach tá cúnamh ag Séanna nach bhfuil an Fear Dubh ag coinne leis. Clasaic chanóna na Gaeilge í seo, leagan ar leith de sheanscéal idirnáisiúnta Faust, le casadh agus críoch gan choinne air. Mórshaothar tosaigh próis na hAthbheochana é, buanchompánach na nglúnta foghlaimeoirí agus eiseamláir stíle agus friotail ar dheacair é a shárú inniu féin. Tá éileamh leanúnach ar scéal Shéanna, eagráin agus leaganacha a oireann do phobail éagsúla. Tá an t-eagrán seo dírithe ar ghnáthléitheoirí idir óg agus aibí, agus ar fhoghlaimeoirí Gaeilge den uile chineál. Saothar lándaite. Oiriúnach do léitheoirí in aois 12 a bhfuil léamh na Gaeilge go maith acu mar aon le foghlaimeoirí fásta.

A new abridged edition of Peadar Ó Laoghaire’s classic Faustian tale. Séanna is a hapless country cobbler who makes a pact with the devil. All the devil’s money cannot buy him peace of mind. He has thirteen years before the devil comes to take him away. But Séanna has a helpline which takes the devil by surprise. This timeless masterpiece is beautifully illustrated in full colour by Olivia Golden.

Suitable for confident readers from 12+ and adult learners of Irish.

This edition replaces a best-selling shorter version published by Cois Life in 1996.

Íocaíocht & Slándáil

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

Postas a mheas

Seans go dtaitneoidh siad seo leat

Táirgí ar chuir tú suim iontu