Tugtar do d'aire go bhfuil ár gcuid uaireanta oscailte agus socruithe i dtaca le seachadadh/bailiú earraí faoi réir srianta áitiúla COVID-19 faoi láthair. Déan teagmháil linn roimh ré sa chás go mbíonn ceist ar bith agat.

An gcaithfidh mé ordú a dhéanamh ar líne?

Thig leat d'ordú a chur isteach ar an fhón agus fáilte ach scairt a chur orainn ag +353 (0)74 97 30 500.

Thig íocaíocht a dhéanamh tríd an phost fosta (ach an t-ordú agus seic a chur faoi iamh) nó tríd an chóras idirnáisiúnta le haghaidh íocaíochtaí bainc. Déan teagmháil linn lenár gcód IBAN a fháil.

Thig earraí a bhailiú ar an láthair sa tSiopa Gaeilge idir 10am-5.30pm, Luan-Aoine. Bíonn muid oscailte ar an deireadh seachtaine i rith an tsamhraidh.

Cén t-airgeadra lena nglacann sibh?

Euro (EUR) a bhíonn i gceist lenár gcuid táillí uilig.

An mbíonn modhanna íocaíochta eile ar fáil?

Thig linn sonrasc a chur ar fáil do scoileanna nó do dhaoine eile ar gá dóibh íocaíocht a dhéanamh le seic nó le haistriú bainc. Thig le scoileanna agus institiúidí eile leabharthaí a ordú, sonrasc a iarraidh agus íocaíocht a dhéanamh le seic nó le haistriú bainc in ionad cárta creidmheasa a úsáid. Amharc an leathanach Orduithe Scoiledéan teagmháil linn.

Cén fhad a thógfaidh sé ar an ordú teacht sa phost?

Cuirfear d'ordú sa phost faoin chéad lá gnó eile, Luan-Aoine. Más rud é nach bhfuil earra a d'ordaigh tú againn sa stoc cuirfidh muid thú ar an eolas láithreach agus inseoidh muid duit cá huair a bhfuil muid ag súil leis an earra sin a fháil arís. Amharc Íocaíocht, Postas & Earraí a chur ar ais fá choinne tuilleadh eolais.

An féidir liom athruithe a dhéanamh i ndiaidh dom ordú a chur isteach?

Más mian leat go gcuirfear d'ordú chuig seoladh difriúil nó más gá duit leasú éigin eile a dhéanamh ar an ordú ba chóir go mbeadh muid ábalta é seo a éascú a fhad is nár cuireadh an t-ordú sa phosta cheana féin. Déan teagmháil linn chun cuidiú a fháil.

Cad é a tharlóidh sa chás go bhfuil locht ar tháirge nó más mian liom earra a chur ar ais?

Amharc Íocaíocht, Postas & Earraí a chur ar ais fá choinne tuilleadh eolais.