Tá Oideas Gael i ndiaidh roinnt leabharthaí a fhoilsiú a bhaineann le Gaeltacht Thír Chonaill nó a mbeidh spéis ag foghlaimeoirí Gaeilge iontu:

  • Gleann Cholm Cille — Treoirleabhar (eag. Breandán Mac Suibhne): Treoirleabhar lándaite dátheangach dóibh siúd atá ar cuairt nó ar mhaith leo tuilleadh a fhoghlaim faoin cheantar ar leith seo.
  • Enjoy Irish! (Eithne Ní Ghallchobhair): Tá an leabhar seo dírithe ar an fhoghlaimeoir fhásta. Tá sé fóirsteanach do dhaoine ar mhaith leo Gaeilge a fhoghlaim ón tús ar fad nó dóibh siúd ar mhian leo snas a chur ar an Ghaeilge a d’fhoghlaim siad ar scoil.
  • Oideas Gael — 25 Bliain faoi Bhláth: Foilsíodh an leabhar lándaite seo mar chuid de chomóradh 25 bliain Oideas Gael. Lán le cuimhní breátha, tá iliomad altanna agus neart grianghrafanna ó 1984 i leith sa tsaothar seo.
  • Gleann Cholm Cille: An áit agus a naomh (eag. Seosamh Watson): Mórchnuasach dátheangach ina bhfuil breis agus 2,500 logainm agus mionlogainm ó pharóiste Ghleann Cholm Cille, maille le haistí ar Naomh Colm Cille féin.

Chuir muid tacaíocht ar fáil ar mhaithe le foilsiú na saothar eile seo fosta:

  • Oidhreacht Ghleann Cholm Cille (eag. Seosamh Watson, An Clóchomhar): Foilsíodh an cnuasach aistí seo agus Oireachtas na Gaeilge á reáchtáil i nGleann Cholm Cille sa bhliain 1989. Leabhar luachmhar é seo ina bhfuil lear mór eolais i leith an-mhórán gnéithe de chultúr, stair agus oidhreacht an cheantair.
  • Gleann Cholm Cille: 5,000 Bliain Greanta i gCloch (Mícheál Ó hOireachtaigh): Treoirleabhar mionsonraithe i dtaca le seandálaíocht Ghleann Cholm Cille.
  • Gleanncholmcille: 5,000 Years in Stone (Michael Herity): Seo leagan Béarla den tsaothar Gleann Cholm Cille: 5,000 Bliain Greanta i gCloch.
  • Taisce Focal — Scéaltaí beaga do dhaoine móra [AS CLÓ] (Róise Ní Bhaoill & Gordon McCoy, ULTACH): Dírithe ar dhaoine fásta a bhfuil Gaeilge acu cheana ach ar mian leo máistreacht a fháil ar nathanna cainte dúchasacha a úsáid i gcomhthéacs. Foilsíodh na scéalta seo den chéad uair in iris a d'fhoilsigh Oideas Gael ó 2001-2014, Beo.ie.
  • Istigh sa Cheol (Colm Ó Snodaigh, Coiscéim): Sraith aistí é seo ó pheann Choilm Uí Shnodaigh, ball den ghrúpa ceoil iomráiteach Kíla. Foilsíodh iad den chéad uair ar Beo.ie.

Maidir le hOideas Gael

Ó bunaíodh Oideas Gael i 1984 tá na céadta duine ag tarraingt gach bliain ar a chuid cúrsaí Gaeilge agus a chláracha cultúrtha a bhfuil ardmheas orthu araon. Is Éireannaigh iad tuairim is leath díobh sin a bhíonn ag freastal agus tagann an chuid eile as páirteanna eile den domhan go hÉirinn d'aon turas le bheith i láthair ann.

Cuirtear ar fáil meascán ar leith de chúrsaí atá ullmhaithe go speisialta agus de sheisiúin chultúrtha, iad suite go léir laistigh de phobail Ghaeltachta sa chruth is go bhféadfadh foghlaimeoirí cur lena líofacht sa teanga, agus iad ag baint taitnimh san am céanna as ár gcultúr beo.