Tugtar do d'aire go dtiocfadh leis go mbeadh moill ar orduithe áirithe i láthair na huaire de bharr ceisteanna soláthair agus seachadta a bhaineann le paindéim COVID-19. Coinníonn muid custaiméirí ar an eolas leis an scéal is déanaí i gcás ar bith mar seo.

Modhanna íocaíochta

Glacann muid le cuid mhór modhanna íocaíochta ar ár suíomh gréasáin ar a n-áirítear roinnt cártaí creidmheasa agus cártaí dochair, PayPal, agus Apple nó Google Pay.

Thig íocaíocht a dhéanamh tríd an phost fosta (ach an t-ordú agus seic a chur faoi iamh) nó tríd an chóras idirnáisiúnta le haghaidh íocaíochtaí bainc. Déan teagmháil linn lenár gcód IBAN a fháil.

Thig earraí a bhailiú ar an láthair sa tSiopa Gaeilge idir 10am-5.30pm, Luan-Aoine. Bíonn muid oscailte ar an deireadh seachtaine i rith an tsamhraidh.

Más fearr leat d'ordú a chur tríd an fhón cuir scairt orainn ag +353 (0)74 97 30 500.

Táillí Postais & Seachadadh

  • Déantar postas a ríomh bunaithe ar an mheáchan agus ar an tseoladh seachadta.
  • Níl táillí postais san áireamh i bpraghas na n-earraí a thaispeántar ar ár suíomh gréasain. Déantar postas a ríomh agus tú ag seiceáil amach.
  • Bíonn pacáistiú san áireamh leis an phostas. Má tá ordú mór á dhéanamh agat, nó ordú ina bhfuil neart earraí troma, moltar teagmháil a dhéanamh linn go díreach leis an phraghas is fearr a fháil.
  • Seolfar d'ordú ar an toirt. Más rud é nach bhfuil earra(í) áirithe san ordú sa stoc againn déanfaidh muid teagmháil leat láithreach le tú a chur ar an eolas agus inseoidh muid duit cá huair a bhfuil muid ag súil leis na hearraí sin a fháil arís.
  • Is tríd an ghnáthphost a dhéantar seachadadh ar orduithe in Éirinn agus tríd an ghnáth-aerphost a dhéantar seachadadh ar orduithe i ngach tír eile.

Déantar orduithe a sheachadadh tríd An Post:

  • Bítear ag súil le horduithe a sheoltar in Éirinn taobh istigh de 2-4 lá oibre.
  • Bítear ag súil le horduithe a sheoltar go dtí an Bhreatain Mhór agus an Eoraip taobh istigh de 4-8 lá oibre.
  • Bítear ag súil le horduithe a sheoltar go dtí an chuid eile den domhan taobh istigh de 7-12 lá oibre.

Tréimhsí seachadta measta iad seo agus is mar threoir amháin a luaitear anseo iad. Beidh tionchar ag an chóras poist i ngach tír faoi leith ar an tréimhse seachadta.

Earraí a chur ar ais & Aisíocaíochtaí

Bíonn muid sásta aisíocaíocht a thabhairt má chinneann custaiméir earra a cheannaigh siad a chur ar ais. Tugtar do d'aire nach mbeidh aon táillí postais san áireamh san aisíocaíocht, ach amháin sa chás go raibh locht ar an earra nó botún ann ar thaobh An Siopa Gaeilge. Ní bheidh muid ábalta aisíocaíocht a chur ar fáil más rud é go ndearnadh dochar ar bith don phacáistiú a bhí ar an earra.

Má tá locht ar earra faoi leith beidh deis agat é a mhalartú fá choinne earra eile nó aisíocaíocht a fháil. Más mian leat earra a chur ar ais chugainn iarrtar ort teagmháil a dhéanamh linn láithreach. Déantar earraí ar bith a phacáistiú go cúramach agus seoltar iad ar ais chuig ‘An Siopa Gaeilge, Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall, F94 R94W’. Moltar nóta a chur leis an phacáiste ag míniú cad chuige a bhfuil tú ag cur na n-earraí ar ais. Má tá locht ar an earra, déan cur síos mionsonraithe ar an fhadhb, le do thoil.

Ná bíodh drogall ar bith ort dul i dteagmháil linn má bhíonn comhairle ar bith de dhíth ort.

**Bíonn lascainí ar fáil i gcás orduithe móra. Má tá ordú á dhéanamh agat thar ceann bunscoil nó meánscoil, mar shampla, moltar teagmháil a dhéanamh linn sa tSiopa Gaeilge.