Bíonn aird faoi leith ag an tSiopa Gaeilge ar shainriachtanaisí múinteoirí sa tseomra ranga agus an dúshlán a bhaineann le spéis agus sult a chruthú i measc na ndaltaí agus iad ag foghlaim na teanga.

D'éirigh linn, in imeacht na blianta, taisce ábhar teagaisc don mhúinteoir a chnuasach, ina bhfuil leabharthaí, dlúthdhioscaí, DVD-anna, póstaeirí, cairteacha balla, agus eile; cuidíonn na hacmhainní seo leis an mhúinteoir agus cuireann siad cuma gheal bhríomhar ar an tseomra ranga.

Déan teagmháil linn agus fáilte sa chás go bhfuil ceisteanna faoi leith agat — tabharfaidh muid cuidiú duit ar aon bhealach a thig linn. Má tá cónaí ort cóngarach go leor go bhfuil ábalta tiomáint a fhad le hOideas Gael beidh muid fiú in ann An Siopa Gaeilge a oscailt taobh amuigh dár ngnáthuaireanta oibre.

Roghanna íocaíochta do scoileanna

Má tá ordú á dhéanamh agat thar ceann bunscoil nó meánscoil is féidir leat Iarr Sonrasc a roghnú mar mhodh íocaíochta agus tú ag seiceáil amach. Cuirfidh sé seo ar do chumas sonrasc a iarraidh agus an t-ordú a dhíol le seic nó le haistriú bainc seachas cárta creidmheasa a úsáid. Tugtar do d'aire go mb'fhéidir go ndéanfaidh muid teagmháil leat le deimhniú go bhfuil tú ag obair le scoil; b'fhéidir, mar shampla, go n-iarrfaí ort Uimhir Rolla na scoile a chur ar fáil.

Thig le scoileanna agus institiúidí eile buntáiste a bhaint as socrú cosúil leis seo ach teagmháil a dhéanamh linn ar an fhón nó tríd an ríomhphost. Bíonn muid lánsásta cuidiú a thabhairt!

Bunscoileanna

I measc na n-acmhainní do bhunscoileanna is mó ráchairt atá againn tá:

  • Séideán Sí: Cúrsa comhtháite, páiste-lárnach agus spraíúil ar mhaithe le múineadh na Gaeilge.
  • Céim ar Chéim: Cúrsa grádaithe léitheoireachta do pháistí bunscoileanna d'aois 5-10 mbliana. Tá 20 céim sa tsraith agus cúig leabhar i ngach céim.
  • Féach Thart! 1–5: Sraith leabharthaí saothair ar eolas imshaoil do na Naoínáin, Rang a hAon, Dó agus Trí. Is é aidhm na leabharthaí seo spéis sa saol thart orthu a chothú sna páistí scoile.
  • Féach Thart! Rang 4, 5 & 6: Cuirtear 19 téama i láthair na ndaltaí, iad uilig bunaithe ar cheann de shnáithaonaid an an churaclaim OSIE.

Muna bhfeiceann tú an leabhar atá uait ar ár suíomh gréasáin déan teagmháil linn agus beidh muid lánsásta é a aimsiú ar do shon.

Iarbhunscoileanna

Tá téacsleabharthaí agus foilseacháin don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht ar fáil ón tSiopa Gaeilge:

Muna bhfeiceann tú an leabhar atá uait ar ár suíomh gréasáin déan teagmháil linn agus beidh muid lánsásta é a aimsiú ar do shon.