Cur síos
Tá lúcháir mhór ar Údarás na Gaeltachta i gcomhar le hÁislann Chill Charthaigh 'Scéal na dTeicstíli i nGaeltacht lardheisceart Dhún na nGall' a chur os bhur gcomhar. Scéal a dhéanann cur síos ar oidhreacht shaibhir teicstílí an cheantair seo. Fíonn an leabhar seo le chéile snáithí an scéil shuimiúil seo, ó cheardaíocht bhaile shimplí go tionscal rathúil comhaimseartha na linne seo.
Tá cáil ar leith ar Chontae Dhún na nGall mar lárionad bhréidín agus olna, agus tá an t-oidhreacht shaibhir sin le léamh sa leabhar nua 'Scéal na dTeicstílí i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall'.
Fáisceadh tionscal bhréidín Dhún na nGall ó dhá fhréamh éagsúla ach fite fuaite ina chéile ó dheireadh na 1800idí. Tháinig an chéad cheann ó ghrósaeirí áitiúla a chas ar tháirgeadh bréidín mar bhealach lena ngnó a leathnú. Tháinig an dara ceann as gníomhaíocht phobail, le tacaíocht ó eagraíochtaí carthanachta agus ó bheartais rialtais. Le chéile, leag na forbairtí seo dúshraith faoi earnáil teicstíle bhríomhar san iardheisceart.
Tá an tionscal sin ag dul ó neart go neart inniu. Tá a rian le feiceáil ar fud an cheantair — maireann sé i muintir na háite, ina dtírdhreach uasal agus ina n-oidhreacht shaibhir. Thuill ceantracha in Ard an Rátha, i nGleann Cholm Cille agus i gCill Charthaigh cáil mhór ó thaobh olna agus bréidín.
Is é stair shuntasach na h-olna, an tsnátha agus an bhréidín le linn an chéid seo caite atá á aithris sa leabhar nua seo.
Údarás na Gaeltachta, in partnership with Áislann Chill Charthaigh, are delighted to present A History of Textiles in the Southwest Donegal Gaeltacht a landmark bilingual book that traces the rich story of wool, yarn and tweed across more than a century in one of Ireland’s most storied regions, from a humble domestic craft to a thriving industry.
Donegal is widely recognised as the heartland of tweed and wool. The industry evolved from the late 1800s along two complementary paths: enterprising local grocers who expanded into tweed production, and community-driven cooperatives supported by charitable organisations and government initiatives. Together, these approaches laid the foundation for a thriving textile sector in southwest Donegal. The areas of Ard an Rátha, Gleann Cholm Cille and Cill Charthaigh became renowned centres of production, and their legacy endures as a living testament to the region’s people, its rugged landscape, and a heritage valued around the world.
This new bilingual publication brings that heritage to life — telling the full story of the textile tradition that has shaped the southwest Donegal Gaeltacht for generations.
Íocaíocht & Slándáil
Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.
