Cur síos
I Scairt na Samhna, insítear scéal cailín beag darbh ainm Áine,a thaistealaíonn lena theaghlach ó Bhaile Átha Cliath chun an fhéile bhliantúil Scairt na Samhna a cheiliúradh lena Mamó sa Neidín, Co. Chiarraí. I gcaitheamh na saoire, baineann siad sult as cluichí Samhna a imirt, bia na Samhna a thriail, agus áilleacht fhómhair na háite a fhiosrú. Ag deireadh an scéil, gléasann gach duine suas agus glacann siad páirt i bparáid Scairt na Samhna leis an bpobal áitiúil. Tá ‘Leideanna Plé’ bunaithe ar théamaí an leabhair ar fáil ag cúl an leabhair, chun rannpháirtíocht idir daoine fásta agus páistí a spreagadh. Tacaíonn an scéal le haidhmeanna Churaclam na Bunscolaíochta don aoisghrúpa seo, le béim ar
leith ar chultúr agus traidisiúin na hÉireann a thuiscint, chomh maith leis an bhfás pearsanta a chothú.
Leagan Béarla ar fáil / Howl at Halloween - Áine goes to Kenmare
Íocaíocht & Slándáil
Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.
