Prochóg na Luchóg - Pádraig Mac a’ Ghoill


Praghas:
Praghas €15

Cur síos

Ba theach lóistín i nGlaschú é Prochóg na Luchóg, áit a bhféadfadh bean déirce lóistín na hoíhce a fháil ar chúpla pingin, agus ní chuirtí aon duine ó dhoras. Chonaic Mac ‘Ghoill an domhan a ndeachaigh sé i dtaithí air mar phrochóg mhór amháin den chineál céanna.

Insíonn sé scéal tragóideach Nóra Ní Riain, bean óg a chaith saol bocht i dTír Chonaill ag deireadh na naoú haoise déag. Déanann sí an ‘peaca mór’ agus í ag sclábhaíocht in Albain, agus fágtar ar an trá fholamh i bprochóg an tsaoil mhóir. Dá mhéad difir atá idir saol na linne sin agus saol an lae ainniu, tá an grá is an ghruaim linn fós, agus cumhacht in insint Mhic a ‘Ghoill air.

Tá an scéal seo ina dheirfiúr ag ‘Páistí an Chinn Chaoch’, leabhar clasaiceach Mhic a’ Ghoill faoi shaol na n-imirceach agus na náibhithe. Tá an dá scéal fite fuaite ina chéile agus iad ag cur síos ar leatrom na dtiarnaí talún, cumhacht na cléire agus saibhreas na dtoicí móra. Nuair nach bhfuair sé oiliúint ar bith i léamh ná scríobh a theanga féin, ní i nGaeilge a scríobh Pádraig Mac a’ Ghoill. Ach a bhuíochas ar Mhícheál Mac Giolla Easbuic, anois tá Prochóg na Luchóg le fáil againn féin.

  • Aistriúchán ar leabhar Patrick McGill – The Rat Pit
  • Paistí an Chinn Chaoch Pádraig Mac a’ Ghoill

              Íocaíocht & Slándáil

              American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

              Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

              Postas a mheas

              Seans go dtaitneoidh siad seo leat

              Táirgí ar chuir tú suim iontu