Maith thú a MhicÍ - Micí Sheáin Néill Ó Baoill


Praghas:
Praghas €15

Cur síos

Scéalta draíochta, scéalta fantaisíochta, scéalta samhlaíocha atá sa leabhar seo a thugann ar thurais agus ar eachtraí éagsamhalta muid go dúichí i bhfad i gcéin agus i gcóngar. Scéalta iad seo a scríobhadh síos ó bhéalaithris Mhicí Sheáin Néill é féin, an seanchaí mór as Rann na Feirste a raibh clú agus cáil air as a chuid scéalta a inse go glinn deisbhéalach. Óna athair Seán a fuair Micí bunús na scéalta a bhí aige agus ba ó athair Sheáin, Niall, a tháinig siad roimhe sin, beirt fhear a raibh sé de chumas iontu an lucht éisteachta a mhealladh agus a chur faoi dhraíocht – buanna a d’fhág siad go nádúrtha mar oidhreacht shaibhir ag Micí.
In 1956 a foilsíodh an leabhar seo den chéad uair agus táthar á chur i gcló arís le go mbeidh deis ag glúin úrnua sult agus tairbhe a bhaint as an ghreann, an chlisteacht agus an daonnacht atá le fáil sna scéalta seo ó thraidisiún béil Rann na Feirste .

Ar Fáil.

Scéalta Draíóchta Mhicí Sheáin Néill

Íocaíocht & Slándáil

American Express Apple Pay Google Pay Klarna Maestro Mastercard MobilePay PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

Postas a mheas

Seans go dtaitneoidh siad seo leat

Táirgí ar chuir tú suim iontu