Cur síos
Tá an buachaill bó luathlámhach úd, Lúcás Lúfar, sa tóir ar Jesse James, an robálaí is míchlúití san Iarthar. Mar is dual dá dhúchas Ciarraíoch, tugann Jesse ómós don ropaire de Fréine, cé nach bhfuil rún ag Jesse an mhaoin a ghoideann sé ó dhaoine saibhre a roinnt leis na boicht. Tosaíonn Jesse ag robáil na dtraenacha ar a mbealach trasna na machairí agus beirt chomrádaithe leis: a dheartháir Frank, a mbíonn sliocht as Shakespeare ar bharr a theanga aige i gcónaí, agus a chol ceathrar, Cole Younger, atá ina liúdramán ceart.
Glaoitear ar bhleachtairí ón ngníomhaireacht Pinkerton, ach cliseann orthu deireadh a chur le réim robála Bhuíon James. Ní fhéadfadh ach fear amháin é sin a dhéanamh, ach an mbeidh Lúcás sásta tabhairt faoi agus gan aige ach beagáinín tarra agus lán mála de chleití?
Sharp-shooting cowboy Lúcás Lúfar is on the trail of Jesse James, the Wild West's most infamous outlaw. True to his Kerry heritage, Jesse James looks up to his hero Captain Roger Gallagher, but somehow his ignoble intention of stealing from the rich to give to the poor has long been forgotten. With his Shakespeare-quoting brother Frank by his side, and his bumbling cousin Cole Younger getting things wrong, Jesse James starts holding up the locomotives criss-crossing the plains.
Even though detectives from the famous Pinkerton Agency are called in to sort things out, it’s clear that only Lúcás Lúfar can arrest the spiralling progress of the James Gang and put pay to Jesse James’ convoluted sense of justice. But will he oblige, and end the pillaging reign of his band of brigands with a lick of tar and a sackful of feathers?
Leagan Gaeilge - Antoin Mac Lochlainn
Íocaíocht & Slándáil
Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.
