Cur síos
Rogha an Chéid
Mar cheiliúradh ar litríocht na Gaeilge san fhichiú haois d'fhoilsigh Cló lar-Chonnacht trí chnuasach ina bhfuil rogha den fhiliocht, de na gearrdhrámaí agus de na gearrscéalta a scriobhadh idir 1900 agus 2000, roghnaithe ag cagarthóiri aitheanta.
Gearrdhrámai an Cheid
Is den fhichiú haois téatar na Gaeilge, idir scriobh drámaí is stáitsiú amharclainne. Is éard atá sa mhórchnuasach seo roghnú de na gearrdhrámaí ab fhearr agus ba dhúshlánaí de chuid an chéid sin. Tá dhá dhráma dhéag ann ar scáthán ar forbairt, ar shaibhreas, ar cheardúlacht agus ar ilghnéitheacht na healaíne sin iad. Sa díolaim seo, faighimid iarrachtaí luatha ó ré na Chéad Athbheochana, agus 'Casadh an tSúgáin' le Dubhghlas de hide ina measc; seoda stáitse ón Dara hAthbheochan (1930i-1970) agus 'Moloney' le Seán Ó Tuama is 'Na Mairnéalaigh' le hEoghan Ó Tuairisc orthu; agus saothair chumasacha ónár linn féin le Biddy Jenkinson, le hAntoine Ó Flatharta agus le Cathal Ó Searcaigh. Má tá saol amharclannaíochta na Gaeilge thuas seal thíos seal le breis is céad bliain anuas, testiméireacht dhobhréagnaithe is ea an leabhar seo nár loic bua na samhlaíochta is féith na cumadóireachta ar na drámadóirí riamh.
The third volume of the series contains a selection of the best short plays in Irish written in the last century edited by Pádraig Ó Siadhail, Gearrdhrámaí an Chéid illustrates how Irish drama developed in its diverse forms from 1901 to 2000.
Clár:
Dubhghlas de hIde - Casadh an tSúgáin
Pádraic Ó Conaire - Bairbre Rua
Thomás Mac Domhnaill - Áine agus Caoimhín
Séamus De Bhilmot - An Casán
Máiréad Ní Ghráda - Lá Buí Bealtaine
Eoghan Ó Tuairisc - Na Mairnéalaigh
Séan Ó Tuama - Moloney
Caitlín Maude agus Michael Ó hAirtnéide - An Lasair Choille
Seán Ó Coisdealbha - Mar a Chéile Muid
Antoine Ó Flatharta - Grásta i Meiriceá
Cathal Ó Searcaigh - Oíche Ghealaí i nGaililí
Biddy Jenkinson - Mise, Subhó agus Maccó
Ar Fáil.
Gearrscéalta an Chéid
Duanaire an Chéid
Íocaíocht & Slándáil
Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.
