Cur síos
Maireann muid i ré ina bhfuil béim ar an luas is ar an ngontacht agus, dá réir, is cosúil go bhfuil aird agus foighne an duine níos giorra ná riamh agus é nó í ag tapáil is ag cliceáil as éadan. Ar thóir rud éigin eile ... nó an chéad mhír eile ... Cá bhfágann an fhilíocht? Bhí ómós ag an bhfile agus ag an scríobhneoir cruthaitheach riamh don fhocal, don abairt, don chruinneas, don fhírinne. Glactar le focal an fhile.
Níl aon dán sa leabhar seo atá níos faide ná dhá líne dhéag agus tá a bhformhór i bhfad faoina bhun sin. Foilsíodh na dánta seo ar fad cheana i gcnuasaigh de chuid na bhfilí, nó i ndíolaaí ar a laghad i gcás dornán filí nár fhoilsigh cnuasach dá gcuid féin.
Dá ghearr gonta é a líon sea is luachmhaire a méid. Bíonn blas ar an mbeagán, a deirtear agus cé gur dánta gearra iad seo uilig, ní beag iad na smaointe atá á n-iompar acu.
Íocaíocht & Slándáil
Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.