Feamainn Bhealtaine - Máirtín Ó Direáin


Praghas:
Praghas €10

Cur síos

In Inis Mór, ceann de Oileáin  Árann, a rugadh údar an leabhair seo i Mí na Samhna sa bhliain 1910. Chuaigh sé go hArd-Oifig an Phoist, Gaillimh, in Eanáir na bliana 1928, agus bhí sé ansin ina chléireach gur tháinig sé go Baile Átha Cliath sa bhliain 1937. Chaith sé tamall ina Rúnaí ar Chraobh na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge, agus chaith sé seal le haisteoireacht sa Taibhdhearc. Bhí sé seal ag gabháil don aisteoireacht abhus freisin, cé gur le gluaiseacht na nua-litríochta is mó a chuaigh sé ó thainig sé chun na Príomhchathrach, go mórmhór le Cumann na Scríbhneoirí, cumann a raibh baint aige leis ó cuireadh ar bun é, agus cumann a bhfuil sé ina uachtarán air le roinnt blianta. Tá sé leabhar filíochta foilsithe aige ó 1942 i leith. Is é an cnuasach dréachta seo an chéad leabhar próis leis a foilsíodh. Is faoina óige ata cuid de na dréachta, sé sin faoin saol as ar fáisceadh é, agus faoi dhaoine a bhí suas lena linn agus roimhe. Ach ní dearcadh an údair ar an iliomad ábhar léirithe sa chuid is mó acu. Is cinnte go dtaitneoidh an leabhar leis na léitheoirí.

Leagan Béarla: Spring Seaweed

Íocaíocht & Slándáil

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

Postas a mheas

Seans go dtaitneoidh siad seo leat

Táirgí ar chuir tú suim iontu