Fatwa - Proinsias Mac A’Bhaird


Praghas:
Praghas €7.50

Cur síos

Scríbhneoir Gaeilge ar thóir léitheoirí atá i gCormac Mac Ruairí. Tagann sé ar sheift ghlic le suim an phobail a mhúscailt i litríocht na Gaeilge, agus ar ndóigh, le níos mó leabhar dá chuid féin a dhíol. Ní fada, áfach, go dtarraingíonn an leabhar is úire óna pheann aird antoiscigh Mhoslamacha. An dtiocfaidh éinne sláin ón slad a thitfidh amach ar oileán dúchais an údair?

Tógann Mac A’Bhaird muid ar thuras bríomhar eachtrúil ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Libia augs ón Araib ársa go dtí Gaeltacht Dhún na nGall sa leabhar spleodrach seo; augs caitheann sé súil fhonóideach ar dhétihe beaga na linne seo, sa phrós snasta bríomhar sin is dual dó a chleachtadh.

                Íocaíocht & Slándáil

                American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

                Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

                Postas a mheas

                Seans go dtaitneoidh siad seo leat

                Táirgí ar chuir tú suim iontu