Éirí Amach 1916 - Seosamh Ó Ceallaigh & Donnchadh Mac Niallais


Praghas:
Praghas €10

Cur síos

Tá Coláiste Uladh ag ceiliúradh an cheangail a bhí ag roinnt laochra de chuid Éirí Amach na Cásca 1916 leis an choláiste le linn thréimhse na hathbheochana cultúrtha ag tús an 20ú haois.

Is ábhar bróid agus mórtais do Choiste Comórtha Choláiste Uladh an bhaint a bhí ag Pádraig Mac Piarais, ag Seosamh Máire Pluincéid agus ag Ruairí Mac Easmuinn, lachra 1916, le forbairt an choláiste sna chéad bhlianta I ndiaidh a bhunaithe sa bhliain 1906. Mar pháirt de cheiliúradh Éirí Amach 1916, bheartaigh an Coiste lámhleabhar scoile a fhoilsiú leis an oidhreacht Ghaelach stairiúil seo a chaomhnú don chéad ghlúin eile agus le páistí na linne seo a chur ar an eolas faoi imeachtaí 1916, chomh maith le himeavhtaí náisiúnta, áitiúla agus ról Choláiste Uladh sna blianta roimh an Éirí Amach.

Tá súil again go mbainfidh na scoláirí sult as an lámhleabhar seo agus go spreagfaidh sé iad chun gnímh lenár dteanga, lenár dtaidisiún agus lenár ndúchas a chaomhnú. Dúirt an Piarsach gurb é an páiste a labhrann a theanga dhúchais an tseoid is luachmhaire ag náisiún ar bith.

Chuir Éirí Amach na Cásca 1916 dúshlán os ár gcomhair uilig le hiomlán tairbhe a bhaint as an tsaoirse a ghnóthaigh íobairtí na laochra. Mheas Pádraig Mac Piarais nár leor an tsaoirse amháin, nuair a dúirt sé, “Ní hamháin soar ach Gaelach chomh maith, ní hamháin Galeach ach soar chomh maith”.

An bhfuil muid soar? An bhfuil muid Gaelach?

Publisher: Coiste Cuimhneacháin Choláiste Uladh

  • 1916 Seachtar na Cásca
  • 1916 Seachtar Dearmadta,
  • 1916 Seachtar na Cásca DVD.

        Íocaíocht & Slándáil

        American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

        Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

        Postas a mheas

        Seans go dtaitneoidh siad seo leat

        Táirgí ar chuir tú suim iontu