Corto: Port na Farraige Gort


Praghas:
Praghas €12

Cur síos

Le Hugo Pratt

Úrscéal graifice do dhaoine fásta agus do dhéagóirí, sa tsraith Corto Maltese.

A graphic novel for adults and teenagers. Part of the Corto Maltese series by Hugo Pratt.

1914, in áit éigin in iardheisceart an Aigéin Chiúin. Tagann bád seoil an Chaptaein Raspúitín ar fhear ceangailte de rafta atá ag imeacht le sruth: Corto Maltese. Tá Corto agus Raspúitín ag obair don Mhanach, tiarna mistéireach ar fhoghlaithe mara na bhFarraigí Theas – fear a bhfuil rún uafásach á cheilt i ngar dá chroí aige. Agus Sasana agus an Ghearmáin ag fáil faoi réir do Chogadh Mór ar an bhfarraige, cuirtear tús le heachtra ina gcastar canablaigh orainn agus longa cogaidh, fir chróga agus feallairí, cairde, agus geilt, agus ógbhean álainn mhealltach a chuirfeadh an chluain ar an mairnéalach is cruaichte i bPort na Farraige Goirt.

Íocaíocht & Slándáil

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

Postas a mheas

Seans go dtaitneoidh siad seo leat

Táirgí ar chuir tú suim iontu