Cás Aduain An Dr Jekyll agus Mhr Hyde - Strange Case of Dr Jekyll and Mr Hyde


Praghas:
Praghas €14.95

Cur síos

“Bhí ina lámh aige bata trom, agus é ag imirt leis; ach níor fhreagair sé focal, agus ba dhóigh le duine air go raibh sé ag éisteacht le mífhoighne ba dheacair a chosc. Agus ansin ar iompú na boise bhris ar an bhfoighne aige le rabharta feirge, bhuail sé a leathchos in aghaidh an talaimh, bheartaigh se an bata, agus d’iompair sé é féin ar nós duine buile. Chuaigh an seanduine uasal coiscéim ar gcúl, agus cosúlacht air go raibh ionadh air agus é goillte beagán. Leis sin chuaigh Mr Hyde thar na bearta ar fad, agus leag sé ar talamh le buille bata é. Agus nóiméad ina dhiaidh sin, le fíochmhaire ápa, bhí sé ag satailt ar an gcorpán faoina chosa, é ag radadh stoirme buillí anuas air a bhris na cnámha le torann agus a thug ar an gcorp damhsa ar an mbóthar.”

Scéal scáfar uafar a chuirfidh alltacht agus anbhá ar lucht a léite. Dearmad na léirithe éadroma de atá feicthe agat i scannáin agus cruinnigh do mhisneach le dul i bhfiontar sceimhle síceolaíoch Jekyll agus Hyde. Is i Londain Shasanna atá an t-úrscéal suite mar dhea, ach tá gach uile leathanach de ar maos in atmaisféar dúrúnda Dhun Eideann-an áit ar rugadh Robert Louis Stevenson.

An fabhalscéal Freudach, fathsceal moraltachta nó fáthscéal moráltachta nó fiú allagoire collaíochta? Is fútsa a chinneadh.

Strange Case of Dr Jekyll and Mr Hyde translated to Irish by Conall Ceárnaigh.

Íocaíocht & Slándáil

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

Postas a mheas

Seans go dtaitneoidh siad seo leat

Táirgí ar chuir tú suim iontu