Nuair a deir Eoghainín le Ciarán (nó Cío mar is fearr aithne air) go bhfuil sé aerach agus nach mbeidh sé in ann peil a imirt dá bharr, tá sé trína chéile. Ní thuigeann sé an focal ‘aerach’ ach bheadh sé croíbhriste mura mbeadh sé in ann imirt ar fhoireann na scoile agus b’fhéidir ar fhoireann an chontae lá éigin.
Caithfidh deirfiúracha móra na beirte a ladar a chur sa scéal agus a thaispeáint don bheirt óg gur cuma faoi chlaonadh gnéis agus gur féidir le gach duine a rogha rud a dhéanamh.
Íocaíocht & Slándáil
Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.
Thig le scoileanna agus institiúidí eile leabharthaí a ordú, sonrasc a iarraidh agus íocaíocht a dhéanamh le seic nó aistriú bainc seachas cárta creidmheasa a úsáid.
Cártaí bronntanais
Tá rogha cártaí bronntanais againn. Déan teagmháil linn agus fáilte sa chás go bhfuil luach faoi leith de dhíth ort nach bhfuil ar fáil anseo.