Árasán – Ógie Ó Céilleachair


Praghas:
Praghas €10

Cur síos

Ceathrar mac léinn sa chéad bhliain agus iad lonnaithe le chéile san aon árasán amháin san ollscoil. Darach – gan aon phlean aige, ann ar mhaithe le heispéireas an mhic léinn a bhlaiseadh ach nochtar tallann ann a fhorbraíonn sé i rith na bliana. Jeaiceo – níl suim aige ach in dhá rud sa saol, peil agus ragairne, ach an féidir an dá thrá a fhreastal? Céit – stuama, níos aibí ná an triúr eile, tugtha do chúiseanna agus d’agóidíocht, ach an bhfuil an fíorshaol chomh dubh agus bán sin? Niamh – de bhunadh rachmasach, a saol uilig leagtha amach roimpi – ag a tuismitheoirí agus a buachaill pé scéal é.

Castar suáilcí agus duáilcí bheatha an scoláire orthu i rith na bliana acadúla. Saol na hoíche, an t-ól agus an ragairne, cumainn, clubanna, réalachas na foghlama ag an tríú leibhéal, caidreamh collaí, airgead agus easpa airgid, dúshlán caidrimh. Conas a éireoidh leo?

 Four first-year students living in the same Irish-speaking accommodation on their university campus. Darach, Jeaiceo, Céit and Niamh are all from different backgrounds and have different interests… Let’s see how they get on!

Íocaíocht & Slándáil

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

Postas a mheas

Seans go dtaitneoidh siad seo leat

Táirgí ar chuir tú suim iontu