Druidfidh An Siopa Gaeilge don Nollaig ó 1pm, Déardaoin, 22 Nollaig. Déanfar aon orduithe ar líne a thagann isteach ina dhiaidh seo a phróiseáil ar an 28 Nollaig. Is ar an 3 Eanáir a sheolfar ordú ar bith a thagann isteach i ndiaidh am lóin ar an 28 Nollaig.

Osclóidh ár siopa i nGleann Cholm Cille arís ar an 3 Eanáir, agus beidh gnáthsheirbhís ar siúl ón dáta sin amach.

Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil libh uilig a thug tacaíocht dúinn i mbliana. Nollaig mhór mhaith daoibh agus Athbhliain faoi mhaise!