COVID-19 in 2020 - Bernie Ó Conaill & Frainc Mac Brádaigh


Praghas:
Praghas €10

Cur síos

Cúig aiste is fiche atá sa leabhar seo, cúig ábhar marana is fiche ar eispéireas Covid-10 ó scríbhneoirí aitheanta agus ó scríbhneoirí gur beag atá scríofa do dtí seo acu. Scríbhneoirí aneas, aduaidh, anoir is aniar. Bainfidh cuid de na haistí preab asat ar an gcéad iarraidh, cuid eile beidh ort filleadh ar an aiste chun fáil amach an bhfuil rud i dtaisce inti nár léir duit ar an gcéad léamh, cuid eile fós a mhusclóidh mothúcháin éagsúla ionat idir bhuíochas, dóchas, imní, bhrón, iontas agus fhearg fiú.

Tabharfaidh níos mó ná aiste amháin anseo cuireadh duit athmhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi a mairimid le chéile, ar fhuadar is ar fhústar an tsaoil nach dtugann saoirse dár dtabhairt faoi deara ná deis dúinn ár súile ná ár gcluasa a oscailt ar áilleacht an domhain thart orainn. Tá daoine inár measc atá compardach ina gcraiceann féin, mar a deir na Francaigh, daoine a ghlacann rudaí go réidh, daoine a bhaineann triail as seansanna nua a chuireann an saol ina dtreo, daoine a luíonn an bhróg go crua orthu, agus daoine a chuireann ina luí orainn go réidh gur ar scáth a chéile a mhairimid.

A collection of twenty-five essays from authors discussing different aspects of how Covid 19 impacted their lives, they will awaken feelings of fear, worry, sadness but also hope.

                Íocaíocht & Slándáil

                American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

                Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

                Postas a mheas

                Seans go dtaitneoidh siad seo leat

                Táirgí ar chuir tú suim iontu