Séideán Sí - Rang 5 / 5th Class


Praghas:
Praghas €110

Cur síos

An Pacáiste Iomlán
Many items in pack can be bought individually.

Pack consists of:

  • Leabhar an Oide G (Fillteán)
    • Ceachtanna bunaithe ar théamaí an Churaclaim
    • Moltaí maidir le húsáid an úrscéil sa rang
    • Moltaí maidir le húsáid na filíochta sa rang
    • Moltaí maidir le húsáid na beathaisnéise sa rang
    • Teimpléid Éagsúla
    • Tráth na gCeist
    • Ceachtanna ábharbhunaithe – treoir don mhúinteoir
    • Ceachtanna ábharbhunaithe – ábhar don dalta
    • Dlúthdhiosca Leabhar an Oide G
  • Dlúthdhiosca 1 & 2. (Scéalta, Sceitsí agus Cur síos beathaisnéiseach). 
    • Leagan Ultach, Leagan Muimhneach agus Leagan Connachtach
  • Fite Fuaite. (Leabhar an Dalta G).
  • Leabhair don Léitheoireacht
    • An Marcach Óg
      • Contae Aontroma sna 1950daí.....
        Ba mhaith le Dónall Óg a bheith ina mharcach. Is é mian a chroí dul ag obair leis an Traenálaí Mór, George Brown. Ach an éireoidh lena uncail, Séarlaí, cur ina luí ar a mháthair gur cheart ligean dó dul ag obair sna stáblaí i gCoill na Baioce?
    • Bean Uasal Mhisniúil. (Adi Roche)
      • Is beag a thuig Adi Roche, nuair a tharla an phléasc uafásach i Searnóbail sa bhliain 1986,an t-athrú a thiocfadh ar a saol dá toradh. Ghoill na rudaí a thit amach de thoradh napléisce go mór uirthi, ach taispeánadh di chomh maith gur féidir gach saghas rud a bhaint amach má chuireann tú chuige go díograiseach agus go misniúil.
    • Cine Shiabhra
      • Theith Cine Shiabhra ón oighear a bhí ag clúdach dhromchla an domhain na mílte bliain ó shin agus d’úsáid a gcuid draíocht chun áit chónaithe nua a chruthú dóibh féin faoi thalamh. Tá an draíocht sin ag imeacht i léig, áfach, agus níl de rogha acu anois ach filleadh ar dhromchla an domhain. Beidh duine le roghnú chun an bealach a réiteach do Chine Shiabhra agus áit chónaithe nua a aimsiú ar an dromchla. Cé a roghnófar chun tabhairt faoin turas contúirteach seo? Agus an féidir an méid atá le déanamh a chur i gcrích sula n-imíonn an draíocht i léig ar fad?
    • Sin Scéal Eile! - Gearrscéalta nuascríofa
      • Tar linn ar thuras scéalaíochta. Buailfimid le mic tíre, marbhánach, fathach agus firín beagbídeach. Tabharfaimid cuairt ar mhúsaem agus ar shiopa ceoil is siúlfaimid sráideanna nambruachbhailte. Cad a tharlóidh i gcaitheamh an turais? Bhuel ... sin scéal eile!
    • .Go Tóin Poill
      • Scéal lán-eachtraíochta. Ar an mbád farantóireachta atá Nic agus é ar a bhealach chuig anoileán le cuairt a thabhairt ar a Mhamó agus a Dhaideo. Tá an turas báid céanna déanta gominic cheana aige. Ach ní haon ghnáth-thuras a bheidh sa cheann áirithe seo…
    • Inis Seo Dom
      • Trí agallamh beirte scríofa ag údair aitheanta. Bainfidh an léitheoir sult as an ngreann agus as an gcaint heisbhéalach fhileata atá sna hagallaimh seo.
    • Féasta Filíochta
      • Togha gach bia agus rogha gach dí a bhíonn ag féasta de ghnáth. Suigh chun boird ag féasta de chineál eile agus blais de thogha agus de rogha na filíochta!
    • Leabhar Mór an Eolais
      • Ciclipéid suas chun dáta an leabhar seo do léitheoirí bunscoile, ó na meánranganna suas. Eolas ar an gcine daonna, an saol mórthimpeall agus ar an domhan mór. 190 leathanach iomlán d’fhíricí suimiúla agus de phictiúir lándaite. Roinnte ina naoi roinn atá sé: An Cholainn; Plandaí agus Ainmhithe; An Domhan; Pláinéid agus Réaltaí; An Eolaíocht agus an Teicneolaíocht; Na hEalaíona; An tSochaí ina mairimid; An Stair agus Tíortha.
      • Scríobhadh na leabhair seo chun freastal ar Rang 3, 4, 5 nó 6 ach is faoi fhoireann na scoile atá sé na leabhair is feiliúnaí a roghnú do gach rang. Beidh cúiseanna éagsúla le rogha na múinteoirí, e.g. caighdeán léitheoireachta na ndaltaí, ábhair spéise na ndaltaí agus daltaí atá in ilranganna.
  • 6 Phóstaer
  • 4 Phictiúrchárta

                        Íocaíocht & Slándáil

                        American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

                        Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

                        Postas a mheas

                        Seans go dtaitneoidh siad seo leat

                        Táirgí ar chuir tú suim iontu