Cnámh - Eoghan Mac Giolla Bhríde


Praghas:
Praghas €14

Cur síos

Bailiúchán gearrscéalta ón scríbhneoir Conallach, Eoghan Mac Giolla Bhríde. Scéalta bunaithe ar shochaí ár linne ina gcuireann sé síos ar an saol réalaíoch atá ann anois.

As Gaoth Dobhair i dTír Chonaill d’Eoghan Mac Giolla Bhríde agus cónaí air faoi láthair i mBaile Átha Cliath. Is é seo a thríú cnuasach gearrscéalta. Foilsíodh Idir Feoil is Leathar (Coiscéim) i 2002 agus Díbeartaigh (Coiscéim) in 2005. D’aistrigh sé an leabhar An Prionsa Beag (Éabhlóid) ón Fhraincis in 2015. Bhí sé mar eagarthóir ar leagan úr den leabhar Cáitheamh na dTonn le Muirghein agus ar an bhailiúchán tomhasanna Tomhas Orm, Tomhas Ort!

Bhuaigh an cnuasach seo Duais an tSaothair Próis i gComórtas Litríochta an Oireachtais 2018.

Léirmheas:

“An rud is annamh is iontach. Is mó duine a thugann faoi ghearrscéal a scríobh ach ní go rómhinic a éiríonn le scríbhneoir saothar a cheapadh a théann i bhfeidhm ar an léitheoir ar bhealach dodhearmadta, faoi mar a tharlaíonn i sciar de scéalta an chnuasaigh seo. Níl aon drochscéal ann agus tá móimintí léargais áille ann. Mar sin féin, ní éiríonn an insint maoithneach riamh agus tá fuil agus feoil na daonnachta – bíodh an duine leonta, lochtach féin – ann ó thús deireadh.

Tá grá mar bhunchloch na scéalta seo – grá an údair don bheatha agus do dhaoine leonta neamhfhoirfe a ré. Ach má tá substaint agus lón anama anseo, tá éadroime agus éascaíocht chomh maith agus beidh fonn ar an léitheoir na leathanaigh a chasadh go tapaidh agus an leabhar a léamh ó chlúdach go clúdach go cíocrach. Bua mór eile de chuid an leabhair nó go n-aithnímid an saol atá faoi thrácht ann – seo ár ré féin agus á muintir féin.

Comhlíonann an cnuasach seo an aidhm is feidhm leis an litríocht: cuireann sé breis lenár léamh ar an domhan timpeall orainn agus cuireann sé lenár dtuiscint ar ár gcomhdhaoiní. Sin é is bun agus barr leis seánra an ghearrscéil. Creidimid sna carachtair agus bíonn bá againn leo.

Tá na scéalta simplí sa chiall is fearr den fhocal sin agus an teanga agus an scéal lán-oiriúnach dá chéile.

Níl aon fhocal nó abairt ann nach gá é; ní thugtar aon sonra nach bhfuil feidhm aige agus is cás linn na carachtair a gcasaimid leo. Ceardaí oilte an scríbhneoir a thuigeann conas scéal a nochtadh le leidí agus a thuigeann nach gá dul i muinín na tuairisce (galar tógálach na gearrscéalaíochta go minic). Tá scríbhneoir cruthanta anseo, duine nach mór dóibh scríobh agus nach mór dúinne léitheoirí a saothar nó a shaothar a léamh. Ghealaigh an saothar mo chroí. Mairimíd beo.”

An Dr Róisín Ní Ghairbhí.

A collection of short stories in the Irish language by Eoghan Mac Giolla Bhríde. Eoghan is from the Donegal Gaeltacht and currently lives in Dublin.

Cnámh has been nominated for the An Post Irish Book Awards.

This is his third collection of short stories. Idir Feoil is Leathar was published in 2002 by Cosicéim and Díbeartaigh was published in 2005.

Rarely does a writer succeed in producing a work that impacts on the reader in an unforgettable way, such as happens in some of the stories in this collection. There are some wonderful moments of insight, and from start to finish, be they wounded or flawed, the characters embody the flesh and blood of humanity.

Dr Róisín Ní Ghairbhí.

                Íocaíocht & Slándáil

                American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

                Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

                Postas a mheas

                Seans go dtaitneoidh siad seo leat

                Táirgí ar chuir tú suim iontu