Deoch an Tobair - Diarmuid Johnson


Praghas:
Praghas €20

Cur síos

Panorama de phrós na Gaeilge le míle bliain anuas atá sa leabhar éachtach seo leis an údar agus scoláire Diarmuid Johnson. Tá léargas sna sleachta sin ar an éagsúlacht agus ar an mbisiúlacht atá i dtraidisiún na scríbhneoireachta idir 1100 agus 1925.

Chomh maith leis na sleachta as saothair mhóra na Gaeilge, tá nótaí teanga leis an údar agus cur síos ar fhorbairt na teanga ón aonú haois déag i leith. Ar na saothair atá faoi chaibidil, tá Immram Curaig Maíle Dúin, Táin Bó Cuailnge, Caithréim Cheallaigh, Annála Ríochta Éireann, Mac na Míchomhairle, Cín Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin, Fealsúnacht Aodha Mhic Dhomhnaill, agus go leor eile a tarraingíodh as tobar an traidisiúin, tobar a bhfuil doimhneas agus úire ann, athnuachan agus íocshláinte, uaisleacht agus intleacht, aduaine agus aistíl, aibíocht agus ársaíocht, íogaireacht agus áilleacht.

Ainneoin imeachtaí na staire, tá an Ghaeilge fós á scriobh agus á labhairt go fuinniúil lenár linn féin. Mar sin féin, tá cuid de shaibhreas an traidisiúin ceilte orainn fós sna lámhscribhinni agus sna seanleabhair a scriobhadh nuair ba shlán do léann agus déigse na nGael anallód. Is súmóg agus taoscán as galún mór an léinn sin atá sa leabhar míorúilteach seo, agus deoch mhilis mheisciúil ón seantobar dá réir.

"Dá mbeadh cúrsa á cheapadh agam ar stair na Gaeilge, idir litriocht agus teanga, seo é an téacsleabhar a bheadh agam. Tá scoth na litríochta ann agus é cóirithe go healaíonta sa Nua-Ghaeilge ag an údar. Tá réamhrá le gach sliocht a shuíonn an mir ina comhthéacs staire agus litriochta fein. Ina theanta sin, soláthraíonn an t-údar nótai a míníonn na ceistenna gramadaí is tábhachtai i stair na teanga. Vademecum é Deoch an Tobair do lucht léi      nn na Gaeilge." —Aidan Doyle.

Chaith Diarmuid Johnson scór bliain ina thaighdeoir agus ina léachtóir le léann agus litríocht na dteangacha Ceilteacha sula ndeachaigh sé leis an scribhneoireacht chruthaitheach. Seo é
an tríú saothar scolártha dá chuid.

This outstanding book by the author and scholar Diarmuid Johnson offers an insightful panorama of Irish prose over the past thousand years. The selection of passages provide an insight into the diversity and creativity of the writing tradition between 1100 and 1925.

In addition to excerpts from major Irish works, there are language notes by the author and a description of the development of the language from the eleventh century onwards. Among the works under discussion are Immram Curaig Maíle Dúin, Táin Bó Cuailnge, Caithréim Chellagh, Annalá Ríochtà Éireann, Mac na Míchomhairle, Cín Lae Amhlaoibh Uí Sulleabháin, and many others drawn from the well of tradition.

Íocaíocht & Slándáil

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

Postas a mheas

Seans go dtaitneoidh siad seo leat

Táirgí ar chuir tú suim iontu