Ar Chrios na Cruinne - Gael in Eacuadór - Pádraig Ó Maolchraoibhe


Praghas:
Praghas €15

Cur síos

Is tír bheag Eacudór i gcomhthéacs Mheiriceá Theas ina bhfuil tromlach na dtíortha iontach mór – thiocfadh leat an Eoraip uilig a chur taobh istigh den Bhrasaíl, mar shampla – ach i gcomhthéacs na hEorpa, tá sé chomh mór le Sasana, Albain agus an Bhreatain Bheag le chéile. Go fisiciúil agus ó thaobh aeráide de, tá an-éagsílacht ann: ó shéibhte arda na nAindéas ina bhfuil earrach síoraí (18°c -24°c ins an iarnóin gach lá den bhliain) ag an airde ina bhfuil tromlach na ndaoine beo, go dtí cósta fada an Aigéin Chiúin ina bhfuil sé te (30°c)  agus tais, go dtí na hOileáin Galápagos ina bhfuil sé te tirim, go dtí Abhantrach na hAmasóine ina dtig leis bheith iontach te (40°c), agus fliuch, ach atá lán d’aibhneacha ollmhóra ina bhféadann tú bheith fionnuar go maith agus tú i mbád agus iontach fuar, i gcuid acu, agus tú ag snámh. Ní haon iontas mar sin go bhfuil Eacudór ar cheann de na tíortha is bithéagsúla ar chlár an domhain.

Ba mhúinteoir Spáinnise é Pádraig Ó Maolchraoibhe a chaith, go dtí seo, 9 nó 10 de bhlianta i dtíortha ina labhraítear Spáinnis (3 bliana go leith acu in Eacuadór). D’fhoghlaim sé méid áirithe Kichwa, thaistil sé an tír go léir (24 chúige), phós sé bean inti, agus chuir sé roimhe sochaí iontach difriúil le sochaí a thíre féin a thuiscint agus a léiriú do chlann na nGael.

Íocaíocht & Slándáil

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

Postas a mheas

Seans go dtaitneoidh siad seo leat

Táirgí ar chuir tú suim iontu