Ceann Fhaoladh - Brian Ó Baoill


Praghas:
Praghas €7.50

Cur síos

Saighdiúir agus scoláire ab ea Ceann Fhaoladh a bhí beo sa seachtú aois. Bhí clú agus cáil air mar ollamh agus mar rí i mBaile an Easa, áit a raibh dún aige, idir Gort an Choirce agus an Fál Carrach. 

Chuir sé tús le litríocht na Gaeilge nuair a scríobh sé an chéad leabhar sa teanga riamh. Chuir sé gramadach na Gaeilge le chéile, nuair nach raibh gramadach aon teanga ar fáil ach an Ghréigis is an Laidin. Ba eisean ba chúis le príomhtheanga an léinn in Éirinn a athrú ón Laidin go dtí an Ghaeilge. Ba ghaiscíoch cogaidh é freisin, a throid go cróga i gCath Mhaigh Rátha agus comhraic fhuilteacha eile na haimsire sin. Tá an t-úrscéal seo bunaithe ar a chuid scríbhinní féin, cuntais air i lámhscríbhinní is leabhair, agus scéalta a insítear faoi ina cheantar féin. Cuirtear síos go beo bríomhar ar éachtaí Cheann Fhaoladh ar pháirc an chatha agus i gcúrsaí léinn. Cuirimid aithne ann ar dhuine de laochra móra na nGael. 

Ceann Fhaoladh was a soldier and scholar who lived in the seventh century. He was well-known as a professor and as a king in Co. Donegal, where he had a fort, between Gort an Choirce and Falcarragh. 

He started Irish-language literature when he wrote the first ever book in the Irish language. He compiled Irish grammar, at a time when Greek and Latin were the only languages for which grammar was available. He was the driving force behind the change from Latin to Irish as the primary language of the learned classes in Ireland. He was also a war-hero and fought bravely in the Battle of Magh Rath.

Íocaíocht & Slándáil

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

Postas a mheas

Seans go dtaitneoidh siad seo leat

Táirgí ar chuir tú suim iontu