Ón tSeanam Anall Scéalta Mhici Bháin Uí Bheirn - Eag.: Mícheál Mac Giolla Eacbuic


Praghas:
Praghas €15

Cur síos

Ceoltóir, fidléir, file agus seanchaí ab ea Micí Bán Ó Beirn (1899-1980) a rugadh i gCill Charthaigh i gCo. Dhún na nGall. De bharr gurbh ailbíneach é ní fhéadfadh sé ach na cinnteidil a léamh sa pháipéar agus bheadh ar dhuine éigin an chuid eile a léamh dó. Bhí intleacht thar an ghnáth aige agus choinnigh sé a chuid eolais uilig ina chloigeann. Bhí cliú agus cáil air féin agus ar a dheartháir Proinsias mar fhidléirí ar fud na hÉireann. Ba í Bríd Ní Bheirn, máistreás scoile áitiúil, a scríobh na scéalta seo ó bhéal Mhicí Bháin Uí Bheirn i 1930, agus ba í a deirfiúr Mairéad a thug an cnuasach do Mhícheál Mac Giolla Easbuic lena chur i dtoll a chéile.Cúig scéal is fiche atá sa bhailiúchán seo, chomh maith le tréanna, ‘Na Seacht n-Óg' agus píosa filíochta a chum Micí Bán Ó Beirn dar teideal ‘Turas ar Chill Charthaigh'.

Micí Bán Ó Beirn was a fiddler, poet and seanchaí from the Cill Charthaigh area of Donegal. Bríd Ní Bheirn, a local school mistress, realising that the language and the oral culture were in decline, took down these stories from Micí Bán in 1930. The stories lay idle for some time afterwards until her sister, Maireád, in turn passed them to Mícheál Mac Giolla Easbuic that he might edit and compile this publication. There are twenty five stories in total in the book, as well as some triads, the proverbs ‘Na Seacht nÓg' and a piece of poetry by Micí Bán entitled ‘Turas ar Chill Charthaigh'.

Íocaíocht & Slándáil

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

Postas a mheas

Seans go dtaitneoidh siad seo leat

Táirgí ar chuir tú suim iontu