Cora Cinniúna - Imleabhar 2 - Séamus Ó Grianna


Praghas:
Praghas €10

Cur síos

Rugadh Séamus Ó Grianna (Máire) i Rinn na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill sa bhliain 1891. Scríobh sé lear mór leabhar, idir úrscéalta agus ghearrscéalta. Deartháir dó ba ea Seosamh Mac Grianna, duine de na scríbhneoirí Gaeilge ba chumasaí riamh.

Séamus Ó Grianna (also known by his pen-name 'Máire') is synonymous with the Donegal Gaelic literary tradition. Born in Rann na Feirste in 1891, the half-century prior to the first World War and the major social changes which took place during that time form the backdrop to his writings.

Cora Cinniúna - Imleabhar 2

Saol Rinn na Feirste sa leathchéad bliain roimh an Chéad Chogadh Mór – an saol lenar tógadh é féin – is ábhar don mhórchuid de shaothar Shéamuis Uí Ghrianna (‘Máire’). Sa dara h-imleabhar seo den díolaim Cora Cinniúna tá seacht scéal eile ar fhichid de chuid ‘Máire’ a roghnaigh Niall Ó Dónaill as measc an dá chéad scéal nó mar sin a d’fhoilsigh Máire idir 1940 agus 1968.

Is í an daonnacht an phríomhthréith atá i gcuid scéalta ‘Mhaire’ tríd síos,’ dar leis an Dálach, agus ina fhianaise sin tá tracht sna scéalta a roghnaigh sé ar choraíocht teaghlach leis an tsaol fá chladaí na Rosann, ar an imirce, ar an iascaireacht, ar bhádóireacht is ar thubhaistí farraige, ar chaidreamh is ar choimhlint idir chomharsana, ar chúrsaí cleamhnais is grá, ar dhearcadh polaitíochta an phobail, agus ar an mhothú atá in intinn an duine ar an tsaol osnádúrtha. Le cois cuid téamaí Mháire a léiriú tugann an díolaim seo léargas glé ar stíl ghlan éasca na scríbhneoireachta aige, agus ar an chaighdeán chothrom scéalaíochta a bhí aige ó thús deireadh.

A book of short stories by Máire, chosen by Niall Ó Dónaill. Fascinating and creative insights into the lives of the people of Rann na Feirste, emigration, fishing, maritime disasters, friendship and conflict between neighbours, matchmaking and nationalism, written in Ó Grianna's clean, easy style.

Cora Cinniúna - Imleabhar 1 also available.

        Íocaíocht & Slándáil

        American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

        Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

        Postas a mheas

        Seans go dtaitneoidh siad seo leat

        Táirgí ar chuir tú suim iontu