An Chonair Chaoch An Mionteangachas sa Dátheangachas


Praghas:
Praghas €25

Cur síos

Eag: Ciarán Lenoach, Conchúr Ó Giollagáin & Brian Ó Curnáin.

Cnuasach alt a eascraíonn as taighde a thionscnaigh léachtóirí agus iarscoláirí Aonad na Pleanála Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le blianta beaga anuas. Tá sé d'aidhm ag an leabhar plé oscailte macánta agus dioscúrsa leathan a chothú maidir leis an mionteangachas i gcomhthéacs an dátheangachais aontreoch. Feidhm agus torthaí an dátheangachais shóisialta i bpobail mhionteanga ina réimsí teangeolaíochta, sochtheangeolaíochta agus na pleanála straitéisí atá faoi chaibidil.

" Is é dea-scéala an phlé atá sa leabhar seo ná go dtuigimid gur drochscéala atá sa dátheangachas comhuaineach sa Ghaeltacht agus nach gcuirimid dallamullóg orainn féin i dtaobh impleachtaí na tuisceana seo don féiniúlacht Ghaelach. Le plé eolaíoch macánta agus le léargas fírinneach ar dheacrachtaí ár ndála is ea is féidir linn aghaidh mhisniúil a thabhairt ar an gcinniúint a shárú — coiscéim tosaigh an bheartais dóchais í an tuiscint." Gaelscéal

"The editors of An Chonair Chaoch examine the language specifically in the context of the Gaeltacht and bilingualism. Unsurprisingly, the view of parents, legal issues, language planning, education, and their effect on a very fragile linguistic region, are studied in great detail here.... Many of the conclusions make for stark reading and give the lie to the oft-repeated slur that Irish speakers live in cloud cuckoo land when it comes to Irish. Far from it: serious scholarship is being devoted to understanding language erosion and how best to combat it." —Pól Ó Muirí, The Irish Times.

                  Íocaíocht & Slándáil

                  American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

                  Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

                  Postas a mheas

                  Seans go dtaitneoidh siad seo leat

                  Táirgí ar chuir tú suim iontu