Ag Cur Chun Fónaimh: Údarás na Gaeltachta ó 1980 i Leith


Praghas:
Praghas €20

Cur síos

Gearóid Ó Tuathaigh agus Breandáin Mac Suibhne a chuir in eagair.

Ó bunaíodh an stát, bhí trácht ar bhuanú agus neartú na Gaeltachta a bheith mar chúram ar eagras faoi leith. Ar feadh i bhfad, ghéill an dea-rún don tsiléig nó gur cuireadh Gaeltarra Éireann ar bun i 1958, le forbairt a dhéanamh ar sheantionscnail tuaithe agus ar thionscnail nua sa Ghaeltacht. I bhfad na haimsire mhéadaigh ar réimse oibre Ghaeltarra. Ach ó dheireadh na seascaidí bhí foras níos cumhachtaí agus níos cuimsithe - le gné láidir dhaonlachtach - á éileamh ag ceannairí pobail sa Ghaeltacht. De thairbhe an éilimh sin bunaíodh Údarás na Gaeltachta i 1980 mar chomharba ar Ghaeltarra, ach le struchtúr nua agus feidhmanna níos fairsing aige. Iarracht atá anseo léargais éagsúla a thabhairt ar chúlra agus ar éifeacht Údarás na Gaeltachta, tionscnamh eisceachtúil chun mórspriocanna sóisialta agus cultúrtha an stáit a bhaint amach.

 

A history of Údarás na Gaeltachta from 1980 to the present day.

Údarás na Gaeltachta was established in 1980. It succeeded the previous state industrial development agency Gaeltarra Éireann, which was set up in 1958 specifically for Gaeltacht communities. This book describes the history of the organisation, from its early roots to its current work.

Edited by Gearóid Ó Tuathaigh and Breandáin Mac Suibhna.

 

Íocaíocht & Slándáil

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

Postas a mheas

Seans go dtaitneoidh siad seo leat

Táirgí ar chuir tú suim iontu