Preab sa Cheol - Doiminic Mac Giolla Bhríde


Praghas:
Praghas €30

Cur síos

Seo an chéad preableabhar a rinneadh i nÉirinn! Thig leat ceol a sheinm ar an leabhar seo, cósúil le uirlis cheoil!

Sa leabhar seo tá seacht n-amhrán nua-chumtha do pháistí (3-11bl) atá spraoiúil ach ag an am chéanna oideachasiúil. Preabann carachtéirí suimiúla aníos amach as leabhar do achan amhrán, Tá drogall ar An Chrogall agus ní stadann sé a ithe, preabann currach agus rámhaí aníos in Ag Rámhaíocht ach coimhéad tú féin ar an foghla mara! Ní thig le a dheath a theacht as Dún na nGall muna bhfuil an Earagail luaite agus sa leabhar seo tá iolar mór ag eitilt thart fán Earagail!

Rugann cearc ubh mhór bhuí fhad agus tá na páistí ag foghlaim Damhsa na gCearc. Brúann An Píobaire Mór mála na bpíob agus é ag seinm cois teallaigh. Preabann casú, uirlis cheoil a dtig leat a sheinm, amach le Caitlín Níc Giolla Casú.

Thig leat foghlaim an dóigh le casú a sheinm anseo!

Sa tamhrán deireanach, preabann Uachtarán na hÉireann é féin amach as Áras an Uachtaráin le fáilte a chuir romhainn in Nuair a bheas mé mór.

Tá gluaiseachtaí damhsa le cúigéar de na hamhráin Taispéanann páistí as Gaeltacht Thír Chonaill an dóigh le na gluaiseachtaí a dhéanamh sna físeáin ar an suíomh. Tá na gluaiseachtaí breá furast agus piocfadh páistí scoile suas iad in cúig bhomaite.

In sa ré fón póca seo ina bhfuil muid beo seo dóigh mhaith le ligeán do pháistí súgradh go folláin mar pháistí, le hamhráin agus damhsaí úra le foghlaim agus tréan spáis ag páistí a gcuid samhlaíochta féin a úsáid.

 

Large format pop-up book with full-colour illustrated pop-up scenes accompanied by newly composed music available online at www.preabsacheol.ie. Lyrics in Irish on each two-page spread, with English translation at the back.

Íocaíocht & Slándáil

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

Postas a mheas

Seans go dtaitneoidh siad seo leat

Táirgí ar chuir tú suim iontu