Cur síos
Nuair a d'fhógair an múinteoir go mbeadh comórtas ann don timpeallacht shíl Somhairle gur
smaoineamh amaideach a bhí ann. Ní bheadh seans ar bith ag Sráid Choilm agus í chomh seanchaite agus a bhí. Leis an fhírinne a insint bhí Sráid Choilm ar an tsráid is
measa timpeallacht ar domhan!
Ní hamháin go mbeadh ar Shomhairle, Áine agus Éamann tabhairt faoi thithe a bhí ag titim as a chéile ach bhí an drochdhuine, Laraí T, i bhfolach ag amharc orthu.
An féidir Sráid Choilm a shábháil? An féidir duine maith a dhéanamh de Laraí T? Dar le hÁine, má tá sé indéanta is é Somhairle a dhéanfaidh é.
Íocaíocht & Slándáil
Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.
