Micí s’Againne - Caoimhin Mac a’Bhaird


Praghas:
Praghas €10

Cur síos

Leabhar i stíl chlasaiceach an ghreannáin. Scéalta faoi Mhicí s’Againne agus a chara Cibé Caidé, atá lán spraoi agus greann agus a thaitneoidh le léitheoirí idir 8-12 bliain.

Lean eachtraí Micí s’Againne agus a chara Cibé Caidé go bhfeicfidh tú caidé mar a éiríonn lena gcuid scéimeanna ráscánta ar fud an bhaile. Is iomaí cleas cliste a mbaineann siad triail as ach is minic iad fhágta san fhaopach. Le Gaeilge dheas shimplí, tá an leabhar fóirsteanach d’fhoghlaimeoirí agus do pháistí líofa. Tá Micí s’Againne ina charachtar óg spraíúil a thaitneoidh le daoine óga.

Tá an téacs go léir mar chomhrá, a chiallaíonn go bhfuil sé furasta a léamh agus a thuiscint. Tá ábhar cainte ag baint le gach léaráid agus d’fhéadfadh múinteoir an t-ábhar a leathnú amach chun ábhar ranga spéisiúil a chur ar fáil do chiorcal comhrá nó do rang Gaeilge. Agus taobh amuigh den rang bainfidh páistí sult as an leabhar mar go bhfuil sé curtha le chéile go speisialta do pháistí.

Tá 42 scéal sa leabhar le héagsúlacht mhaith ábhair, idir béaloideas, miotaseolaíocht, pisreoga agus an saol comhaimseartha.

Micí s’Againne is a hardback comic in the classic comic style. It follows Micí s’Againne and his friend Cibé Caidé as they try out some of their hare-brained schemes. Unfortunately they are not always successful but you can be certain they’ll have fun trying.

The book has 42 comic strip stories, full of fun and mischief, that children will love – suitable for children aged 8-12 years.

                  Íocaíocht & Slándáil

                  American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

                  Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

                  Postas a mheas

                  Seans go dtaitneoidh siad seo leat

                  Táirgí ar chuir tú suim iontu