Bláth na dTulach – Díolaim Ultach


Praghas:
Praghas €20

Cur síos

Is iomaí cruth agus dath ar an ghearrscéal agus tá a shéala sin le feiceáil go soiléir sa díolaim speisialta seo a dhéanann comóradh ar an ghearrscéalaíocht chomhaimseartha Ultach. Tá scéalta thar a bheith taitneamhach cruinnithe le chéile anseo ó 28 scríbhneoir, idir óg is aosta, as gach cearn de Chúige Uladh. Máistir-rang i bhfoirmeacha éagsúla an ghearrscéil atá le fáil idir clúdaigh an fhoilseacháin seo. Tá scéalta grá, scéalta díoltais agus scéalta dóchais anseo, tá scéalta eile ann a bhfuil an greann agus an brón chun tosaigh iontu, tá cuid de na scéalta fréamhaithe go docht i dtraidisiún an oidis bhéil agus cinn eile a bhfuil foirmlí agus foirmeacha na litríochta nua-aoisí le brath orthu. Is cuma cén áit a dtumfaidh an léitheoir isteach sa leabhar seo, gheofar rud inteacht leis an tsuim a mhúscailt agus leis an chian a thógáil.

Liosta na scríbhneoirí a bhfuil scéalta leo sa leabhar:

Deireadh -Antain Mac Lochlainn,

Pavel -Brighid Ní Mhonacháin

Mo Dheirfiúr Maja -Celia de Fréine,

Nanette -  Daithí Ó Muirí,

Ón Spéir Anuas- Danny Brown,

Camchuairt -Deirdre Ní Grianna

Éan- Dubhán Ó Longáin

Soineann - Eithne Ní Ghallchobhair,

An Bhearna - Eoghan Mac Giolla Bhríde

Heinrich - Gabhán Ó Fachtna

Breaga - Iarla Mac Aodha Bhuí

An Rud Atá i nDán Duit - Máire Burns

Sámhnas Shábha - Máire Dinny Wren

Cóco - Máire Zepf

Beidh a Cuid Féin ag an Fharraige -  Máirín Uí Fhearraigh

Maggie , Girl agus an Stoirm - Michelle Nic Pháidín

San Iargúltacht - Pádraig Ó Gallchobhair

Teacht Slán - Proinsias Mac a’ Bhaird

Maeirí -  Réaltán Ní Leannáin

42 - Réamonn Ó Ciaráin

Imram - Róise Ní Baoill

Oileánach - Sam Ó Fearraigh

Uibheacha Casca - Séamus Mac Annaidh

Ní Tharlóidh Sé Arís - Seán Mac Gintidh

An Cloigeann - Seán Ó Dúrois

Banríon An Dachas - Seán Ó Muireagáin

Dioltas na Coilleadh - Seanán Mac Aoidh

Ar Deoraíocht - Síle Uí Ghallchóir

Íocaíocht & Slándáil

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

Postas a mheas

Seans go dtaitneoidh siad seo leat

Táirgí ar chuir tú suim iontu