Gleann Cholm Cille: 5,000 Bliain Greanta i gCloch - Mícheál Ó hOireachtaigh


Praghas:
Praghas €6

Cur síos

Bunaíodh an treoirleabhar seo ar shuirbhéireacht agus anailís ar iarsmaí seanda Ghleann Cholm Cille ar an tosaíodh de bharr cuiridh a fuarthas ón Athair Séamas MacDaidhir i 1970.  Díoladh 20,000 cóip den chéad eagrán a foilsíodh i mbliain 1971.  Thug an tsuim a chuir an tAth. MacDaidhir inti spreagadh dom leanúint leis an obair sa cheantar ar feadh mórán blianta go dtí go bhfuair sé bás i 1987.

Tá an t-eagrán seo atá i láthair anois méadaithe de bharr torthaí oibre a rinneadh ar dhísirt oileánacha agus eile, rud a thug orm staidéar a dhéanamh ar iarsmaí de chuid Reachlainn Uí Bhirn, Shliabh Liag agus Bhíofáin, agus ar obair ealaíon leaca ornáideacha Ghleann Cholm Cille arb ábhar tábhachta iad:  tá an méid seo pléite agam i dtrácht níos cuimsithí atá déanta agam ar an Turas in Éirinn.

Cuirtear i gcló anseo ar leathanach 4 réamhrá an Ath. Mhic Dhaidhir ó eagrán 1971.

Mícheál Ó hOireachtaigh

    Íocaíocht & Slándáil

    American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

    Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

    Postas a mheas

    Seans go dtaitneoidh siad seo leat

    Táirgí ar chuir tú suim iontu