Úrscéalta na Gaeilge - Ronan Doherty, Brian Ó Conchubhair & Philip O Leary a chuir in eagar


Praghas:
Praghas €20

Cur síos

 Ó (1969) Cad iad na húrscéalta is fearr, is tábhachtaí, is lárnaí sa Ghaeilge? Cad iad na húrscéalta Gaeilge ar chóir a bheith i mbéal an phobail agus i lár an aonaigh chultúrtha? Cé hiad na húrscéalaithe móra ar chóir dúinn a léamh, ar chóir dúinn staidéar a dhéanamh orthu sna hollscoileanna? Cad í canóin liteartha na n-úrscéalta Gaeilge san fhichiú haois? Cad iad clasaicí móra chanóin liteartha na Gaeilge? Cad is fiú canóin liteartha ar bith? Reáchtáladh seimineár lá go leith ar an 23 agus an 24 Aibreán, 2015, i mBaile Átha Cliath, chun ceisteanna den saghas sin a chíoradh. Sé úrscéal déag a roghnaíodh ar deireadh, agus faoi chlúdaigh an leabhair seo tá blaiseadh den mhéid a bhí le rá ina leith.

What are the best novels, most important novels or most central novels in Irish? What are the Irish-language novels that ought to be in the public eye and on the cultural platform? What are the major novels that we should read, should study in universities? What is the literary canon of Irish novels in the 20th century? What are the major classics in the Irish literary canon? What is the value of any literary canon? A seminar which was held in Dublin in 2015 discussed this topic and examined these questions. Sixteen novels were chosen to represent the Irish-language literary canon and this book contains a selection of the discussions.

Clár

Úrscéalta Gaeilge an Fichiú hAois

Séadna (1901) le Peadar Ó Laoghaire - Alan Titley 

Deoraíocht (1910) le Pádraic Ó Conaire - Ian Ó Caoimh

Mo Bhealach Féin (1940) le Seosamh Mac Grianna - Liam Ó Dochartaigh

An Béal Bocht (1941) le Myles na gCopaleen - Caoimhín Mac Giolla Léith 

Cré na Cille (1949) le Mairtín Ó Cadhain - Máire Ní Annracháin

Néal Maidine agus Tine Oíche (1964) Le Breandáin Ó Doibhlin -Tadhg Ó Dúshláine 

Dé Luain (1966) le Eoghan Ó Tuairisc - Máirín Nic Eoin

Caoin Tú Féin (1967) le Diarmuid Ó Súilleabháin - Éamonn Ó Ciosáin 

An Uain Bheo (1968) le Diarmuid Ó Suilleabháin  - Antain Mag Shamhráin 

Fuíoll Fuine (1969) le Martín Ó Cadhain - Feargal Ó Béarra 

Méirscrí na Treibhe (1978) le hAlan Titley - Martín Coilféir 

Cuaifeach Mo Londubh Buí (1983) le Seamús Mac Annaidh - Pádraig Ó Siadhail

An Fear Dána (1993) le hAlan Titley - Pól Ó Muirí 

Éagnairc (1994) le Pádraig Ó Siadhail - Gréagóir Ó Dúill

Desiderius a Dó (1995) Le Pádraig Ó Cíobháin - Gearóid Denvir 

An Dochtúir Áthas (1995) le Liam Mac Cóil - Brian Ó Broin 

An Cat I Lár na Canóna - Darach Ó Scolaí 

 

Úrscéalta na Gaeilge 1901 – 2015 - Líosta

    Íocaíocht & Slándáil

    American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

    Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

    Postas a mheas

    Seans go dtaitneoidh siad seo leat

    Táirgí ar chuir tú suim iontu