Trialacha Tuigbheála - Comprehension Tests le Art Hughes


Praghas:
Praghas €22

Cur síos

Trialacha Tuigbheála - Comprehension Tests

Téacsanna Gaeilge do mheán- agus d’ardranganna.

22 Comprehension texts and language awareness drills for intermediate and advanced adult learners.

Aidhmeanna an leabhair:

In Trialacha Tuigbheála cuirtear ar fáil 22 téacs mar aon le ceisteanna:

  • ceisteanna a bhaineann le tuigbheáil ar an bhuntéacs féin
  • ceisteanna a bhaineann le ‘comhchiallaigh’, nó le rudaí a rá ar dhóigheanna eile i nGaeilge
  • ceisteanna a thugann ar an léitheoir aimsir nó modh an bhriathair a athrú go modh/aimsir eile
  • ceisteanna a thugann ar an léitheoir athrú ó uimhir uatha go huimhir iolra (nó a mhalairt)
  • ceisteanna a thugann ar an léitheoir bearna a líonadh le focal cuí ón téacs
  • ceisteanna ar fhoirmeacha briathra (pearsa, uimhir, aimsir/modh srl.)
  • ceisteanna ar thuisil na n-ainmfhocal (tuiseal, díochlaonadh agus inscne .i. parsáil)
  • ceisteanna ar an tsaorchumadóireacht (.i. píosaí gearra ceapadóireachta)

Comh maith leis an méid thuasluaite:

  • tá rannóg ann ag míniú chóras na mbriathra agus na téarmaíochta a bhaineann leis
  • tá rannóg ann ag míniú chóras na dtuiseal agus na téarmaíochta a bhaineas leis
  • tá foclóir Gaeilge/Béarla (52 lch) ann ar chúl an leabhair.

Taifid Fuaime saor ar líne - Sound Files available on line.

 

    Íocaíocht & Slándáil

    American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

    Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

    Postas a mheas

    Seans go dtaitneoidh siad seo leat

    Táirgí ar chuir tú suim iontu