Teasáras Gaeilge-Béarla / Irish-English Thesaurus - Garry Bannister


Praghas:
Praghas €54.95

Cur síos

FAOIN LEABHAIR

Leac mhullaigh éachtach é TEASÁRAS GAEILGE–BÉARLA

| IRISH–ENGLISH THESAURUS ar obair shaoil an údair, Garry Bannister. Ócáid chinniúnach staire í i leith staidéar na teanga agus a cultúir. Agus beagnach 700,000 focal iniúchta ann, is leabhar tagartha é nach bhfuil a mhacasamhail ar fail inniu. Taifead cuimsitheach é a nochtann scéimh, solúbthacht, doimhneacht agus stair na Gaeilge, bronnta ar an saol mar thoradh ar an taighde fhairsing chríochnúil atá déanta ag Bannister.

Cuimsíonn an Teasáras seo comhchiallaigh, cleachtaí agus nósanna cainte, comhcheangail fhocal, leaganacha logánta agus seanfhocail. Léiríonn na hiontrálacha sa Teasáras seo peirspictíochtaí úra nach mbeifí ag súil leo sa teanga faoi mar a bhí sí inné agus mar atá sí inniu. Is áis an-úsáideach ar fad do stór focal an úsáideora iad na liostaí atá breactha de réir téama ar feadh an leabhair. Anuas ar sin tá cuntas nuálaíoch ar oibriú na Gaeilge nua-aoisí curtha faoinár mbráid i dTreoir Ghramadaí i gcúl an leabhair.

Cuireann TEASÁRAS GAEILGE–BÉARLA | IRISH–ENGLISH THESAURUS saibhreas suntasach nua le corpas téacsanna tagartha na Gaeilge. Acmhainn áisiúil, riachtanach, is ea í, agus taisce dhothomhaiste do chainteoirí, scríbhneoirí agus iriseoirí, d’údair, d’aos dána agus do lucht foghlama agus, go deimhin, do dhuine ar bith a dteastaíonn uathu slacht, snas agus snoiteacht a chur ar a scileanna teanga idir labhairt agus scríobh na Gaeilge.

FAOIN ÚDAR

Fuair an Dr GARRY BANNISTER a oideachas i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath, áit a ndearnadh sé staidéar ar an Ghaeilge agus an Rúisis. Chuaigh sé ar scoláireacht go Moscó i 1977. Ba ansin a bhain sé céim amach i dteanga agus i nualitríocht na Rúisise agus PhD sa teangeolaíocht chomparáideach. I dtosach na n-ochtóidí chuir sé an chéad Roinn le Nua-Ghaeilge ar bun i StátOllscoil Mhoscó. Ar fhilleadh dó abhaile bhí sé ina cheannaire ar feadh tríocha bliain ar Roinn na Gaeilge i gColáiste Choilm Bhaile Átha Cliath. Agus, ó am go chéile, bhí sé ina léachtóir ar cuairt I gColáiste Phádraig, Droim Conrach, áit inar thug sé léachtaí ar Nualitríocht na Gaeilge. Chomhoibrigh sé fosta in aistriúcháin ar thaiscí liteartha na Gaeilge le David Sowby (An tOileánach), Alan Titley (Cré na Cille), Gabriel Rosenstock (Comhrá le Lí Hé). Tá sé ina údar ar Fhoclóir an Fhoghlaimeora, Labhair Rúisis Liom, Essential Irish agus ar thrí eagrán níos luaithe den teasáras nua breisithe seo. Le déanaí, tháinig leabhair eile uaidh amhail an fhoinse thagartha úd ar a bhfuil buanghnaoi an phobail, Proverbs in Irish, What’s That as Gaeilge? An English-Irish Phrasebook agus aistriúcháin le tráchtaireachtaí ar na Cóáin chlasaiceacha Zen, A Path Home – Conair Siar, na leabhair uile sin foilsithe ag New Island.

ABOUT THE BOOK

Garry Bannister’s Teasáras Gaeilge-Béarla | Irish-English Thesaurus is the stunning culmination of a life’s work. Nearly 700,000 words, it is a reference book like no other in the world, a meticulously researched chronicle of the Irish language which captures the beauty, agility, depth and history of our native tongue. Entries include but are not limited to translations, synonyms, usages, phrases and proverbs. Every single entry offers surprises and new understandings of our ancient and extraordinary language. There are also useful lexically associated listings, a complete grammar guide and an introduction on how to use the book. Teasáras Gaeilge-Béarla |Irish-English Thesaurus is a hugely significant addition to the corpus of Irish-language reference texts, an indispensable reference for the Irish-language user and learner. And it is a cultural event in the history of our engagement with the language. For lovers of Garry’s previous work, Manchán Magan, and other popular Irish-language caretakers and influencers.

ABOUT THE AUTHOR:

DR GARRY BANNISTER was educated at Trinity College Dublin, where he studied Irish and Russian. He completed his PhD at Moscow State University. He went on to set up the first Department of Modern Irish at Moscow State University in the 1977. Later, he taught at St Columba’s College in Dublin, where he was head of the Irish Department for nearly 30 years. He has also been a visiting lecturer at St Patrick’s College, Drumcondra on modern Irish literature. He is the author of Essential Irish and Foclóir an Fhoghlaimeora, among many others. More recently, his work includes the popular Proverbs in Irish, What’s That as Gaeilge: An English-Irish Phrasebook and the first comprehensive translation of Zen koans in English and Irish, A Path Home: Conair Siar, all published by New Island.

Íocaíocht & Slándáil

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

Postas a mheas

Seans go dtaitneoidh siad seo leat

Táirgí ar chuir tú suim iontu