Aoibhinn Beatha an Scoláire - Colm Mac Confhaola


Praghas:
Praghas €10

Cur síos

Úrscéal mór scóipiúil é seo a bhfuil grá agus gruaim ann, greann agus briseadh croí.

Cuireann scata mac léinn fúthu i dteach i mBaile Átha Cliath agus bliain nua an choláiste ar tí tosú. Beidh orthu plé leis na fadhbanna a bhíonn ag a leithéid igcónaí, ar ndóigh. Ní réitíonn siad le chéile an t-am ar fad, agus bíonn siad in achrann leis an gcomharsa béal dorais de shíor. Titeann siad i ngrá le daoine nach bhfuil i ngrá leo féin. Agus ní hé gach duine acu atá in ann ualach an staidéir a iompar. Ach buaileann cruachás eile leo atá i bhfad níos tromchúisí nuair a fheiceann duine acu mionchoirpeach á dhúnmharú ag buíon díolta drugaí. ‘An Fiaclóir’ a tugtar ar cheannaire na buíne seo, mar gheall ar an íde a thugann sé do dhaoine nach dtaitníonn leis. Tugann sé an t-ordú an mac léinn a chonaic an marú a ghabháil……

One of a group of Dublin students witnesses the murder of a petty criminal by a gang of drug dealers. The leader of the drug dealers nicknamed ‘The Dentist’ gives the order to kill the student....

    Íocaíocht & Slándáil

    American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

    Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

    Postas a mheas

    Seans go dtaitneoidh siad seo leat

    Táirgí ar chuir tú suim iontu