Siamsa an Gheimhridh - Domhnall Ó Fotharta, Peadar Ó Ceannabháin a chóirigh


Price:
Sale price€10

Description

Cnuasach ilchineálach atá anseo, eagrán nua de leabhar a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1892. Ba é Domhnall Ó Fotharta, oide scoile sa gCaladh i bparóiste Bhaile an Dúin, údar an leabhair seo. Cnuasach ilchineálach atá ann: amhráin, scéalta, orthaí, paidreacha, seanráite, cluichí agus tomhaiseanna. Chruinnigh scoláirí cuid den ábhar óna múintir.

Tugann an leabhar léargas ar an litríocht bhéile agus ar an gcaitheamh aimsire a bhíodh ar bun in iarthuaisceart Chonamara sa dara leath den 19ú céad. Thuig an Fothartach go raibh an teanga ar hoib imeacht sa gceantar agus go dtráfadh an chuartaíocht, an t-airneán agus an tsiamsaíocht cois teallaigh dá réir.

Chronaigh sé an seansaol ach bhain sólás, mar a dúirt sé féin, as "cuimhneadh ar na daoine a bhíodh cruinn, agus ar an gcaint agus ar an gcomhairle a bhíodh ar bun acu." Foilsíodh an leabhar i dtosach sa mbliain 1892. Cóiríodh an t-eagrán seo do léitheoirí an lae inniu.

        Payment & Security

        American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

        Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.

        Estimate shipping

        You may also like

        Recently viewed