Description
Pádraigh Ó Liatháin a chuir in Eagar.
An chéad lá d'Eanáir 1940 a chuir Seán Ó Ríordáin tús lena dhialann, nós ar lean sé leis go dtí bliain a bháis, 1977. Is de bharr a chuid filíochta a sheasann cáil Uí Ríordáin, cuid mhaith, ach faightear sna dialanna uaidh léas nach beag ar a chumas chun pinn, leis, rud a fheictear go gléineach anseo agus é ag plé go healaíonta le réimse ilghnéitheach ábhar, a shaol pearsanta féin ina measc. Cuirfidh na dialanna seo leis an meas atá ar Sheán Ó Ríordáin mar scríobhneoir agus mar smaointeoir leathanaigeanta, scóipiúil. Seo an chéad imleabhar i mórthionscadal taighde .i. dialanna an Ríordánaigh a thras-scríobh agus a chur i gcló.
Payment & Security
Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.