Description
Is ceantar fairsing tuaithe i lár Chondae Dhún na nGall é an limistéir ar a dtugtar an Ghaeltacht Láir. Tá codanna ar leith de pharóistí difriúla mar chuid den Ghaeltacht seo. Ina measc siúd tá Inis Chaoil, Teampall Cróine, Gleann tSúilí agus Gleann Fhinne. Mar is léir ón bhailiúchán seo, mhair a lán daoine sa cheantar seo a raibh meas agus grá acu ar chúrsaí léinn, ar oidhreacht agus dúchas ár dtíre. Sa chomhluadar sin bhí filí, scríbhneoirí, ceoltóirí agus seanchaithe. Ní amhras ar bith na gur daoine ábalta cumasacha iad uilig agus tugann an foilseachán seo léargas cuimsitheach dúinn ar an tsaibhreas agus ar an oidhreacht luachmhar a bhronn siad ar ghlún an lae inniu agus fosta ar na glúnta atá ag teacht ina ndiaidh. Is deas go bhfuil eolas ar na daoine seo agus ar a saothar sa chnuasach seo. Ní raibh a léithéid de leabhar curtha ar fáil faoi an Ghaeltacht Láir go dtí seo ach mar a deir an seanfhocal 'Is fearr go mall ná go brách'.
Payment & Security
Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.
