Na Mairbh a d'fhill - Cathal Ó Sándair


Price:
Sale price€9

Description

‘Heileo! Cé sin ag caint? Réics Carló? Is mise Séamus Ó Ceallacháin. Tá rud uafásach tar éis titim amach – tá an Dochtúir imithe!’

Nuair a fhuadaítear an Dr Leon, eolaí rí-éirimiúil atá ag obair ar aireagán sár-rúnda ar son Rialtas na hÉireann, iarrtar ar a sheanchara Réics Carló an cás a fhiosrú. Tá Réics muiníneach go n-éireoidh leis Leon a thabhairt slán – níor theip air riamh cás a réiteach. De réir mar a théann sé i mbun oibre, áfach, tuigtear dó go bhfuil rud éigin as an ngnáth ar fad faoin gcás áirithe seo. Beidh clisteacht, cúnamh agus a dhá dhorn de dhíth air roimh dheireadh na heachtra seo.

Ar feadh dhá scór bliain chuir an scríbhneoir bisiúil Cathal Ó Sándair déagóirí na hÉireann ag léamh faoin mbinse scoile i ngan fhios do na múinteoirí. Seo chugainn i gcló arís a chéad leabhar, Na Mairbh a d’Fhill, ina gcuirimid aithne ar an mbleachtaire clúiteach Réics Carló. Bhí sciob sceab ar an leabhar seo lena linn – díoladh os cionn míle cóip de sa chéad mhí dó a bheith i gcló. Tá an t-eagrán nua seo curtha in oiriúint do léitheoirí óga an lae inniu.

Payment & Security

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.

Estimate shipping

You may also like

Recently viewed