Description
Cén fáth a bhfuil Dronn ar an gCamall? agus ceisteanna eile faoi ainmhithe.
Má bhí ceist agat riamh faoin saol mórthimpeall ort, seo an tsraith duitse! Tá 5 leabhar sa tsraith Inis Seo Dom! agus iad lán le freagraí ar gach cineál ceiste a bheadh agat.
Is é atá sa leabhar seo ná sraith de cheisteanna a chothóidh spéis sna léitheoirí óga: An bhfuil nim i ngach nathair? Cén t-iasc a dhreapann crainn? Cé chomh gasta is atá an síota? Cén t-ainmhí a n-athraíonn dath achraicinn? Cad é an difear idir coiníní agus giorriacha? Cén frog a bhfuil eitilt aige? Cén t-ainmhí is mó ar domhan? Cén fath a mbíonn cleití ar éin? Tugtar freagraí suimiúla simplí ar na ceisteanna sin chun gur féidir le páistí dul i ngleic leo gan stró.
Is údar í Anita Ganeri a bhfuil go leor duaiseanna buaite aici as a cuid scríbhneoireachta agus tá na leabhair seo aistrithe go slachtmhar ag Pól Mac Fheilimidh. Cuireann na léaráidí geala bríomhara le Gareth Lucas beocht breise san ábhar.
Tuilleadh leabhar sa tsraith chéanna: Cén fáth a bhfuil Salann san Fharraige? Cén fáth a mbíonn Duilleoga ar Chrainn? Cén fáth a mbíonn Scaitháin ar Eitleáin? Cén fáth a gcuireann an Nathair a Craiceann di?
Gheobhaidh tú freagraí na gceisteanna sin agus iliomad fíricí suimiúla eile sa tsraith Inis Seo Dom!
Payment & Security
Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.
