Eachtraí Sherlock Holmes - Arthur Conan Doyle


Price:
Sale price€12

Description

Cnuasach sárscéalta bleachtaireachta is ea Eachtraí Sherlock Holmes, cuasach mar ar tháinig an carachtar ficseanúil is fearr de chuid an Albanaigh de bhunadh na hÉireann, Arthur Conan Doyle, os comhair an tsaoil den chéad uair. Tá na scéalta seo bunaithe ar eachtraí an chéad mhórcharachtair aitheanta san fhicsean coireachta agus bleachtaireachta, Sherlock Holmes, agus baineann siad le seánra ficsin atá ag dul i dtreise riamh ó shin, seánra a bhfuil plé forleathan air i gcúrsaí liteartha ár linne. Scríbhneoir forásach, fadradharcach ab ea Conan Doyle, go háirithe mar ar bhain sé feidhm as forbairtí nua san eolaíocht fhóiréinseach ina chuid saothar. Is réimse eolaíochta é seo a bhfuil an pobal i gcoitinne an- tógtha leis i gcónaí, beag beann ar aime, ar chreideamh nó ar chúlra. cultúrtha, go háirithe i bhfianaise cúrsaí teilifíse agus scannánaíochta ár linne.

Arthur Conan Doyle
Rugadh Arthur Ignatius Conan Doyle (1859-1930) i nDún Éideann, Albain.
Ba de chúlra imirceach Éireannach iad tuismitheoirí Doyle cé gur chaith sé fein an chuid is mó dá shaol i Sasana, áit a bhfuair sé a chuid oideachais agus a ghairm bheatha. D'oibrigh Conan Doyle mar scríbhneoir agus mar dhochtúir leighis agus ba eisean a chruthaigh an carachtar Sherlock Holmes in 1887 don leabhar A Study in Scarlet, an chéad úrscéal dá chuid a foilsíodh. Chuir Doyle de trí úrscéal agus caoga a sé gearrscéal eile bunaithe ar na carachtair aitheanta Holmes agus Watson sna blianta ina dhiaidh sin. Áirítear scéalta bleachtaireachta Conan Doyle ar na chéad scéalta tábhachtacha a scríobhadh i seánra an fhicsin coireachta. Scríbhneoir thar a bheith bisiúil ab ea Doyle agus cuimsíonn a shaothar réimse leathan scríbhneoireachta, idir scéalta fantaisiochta agus fhicsean eolaíochta, chomh maith le drámaí, filíocht, scéalta neamhfhicsin agus úrscéalta stairiúla.

Eagrán nuachóirithe le hÉamonn Ó Dónaill.

A collection of short stories based on the adventures of Sherlock Holmes by Arthur Conan Doyle.  Updated edition by Éamonn Ó Dónaill.

Payment & Security

American Express Apple Pay Google Pay Klarna Maestro Mastercard MobilePay PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.

Estimate shipping

You may also like

Recently viewed