Cuairt na Cruinne in Ochtó Lá – Jules Verne


Price:
Sale price€19.99

Description

Timpeall a bliana 1912 a rinneadh an t-aistriúchán seo an chéad uair agus cuireadh i gcló ó sheachtain go seachtain ar an irish Weekly Independent. 

Scoláire agus file Gaeilge ab ea Tadhg Ó Donnchadha (“Torna” a ainm cleite) (1874-1949). Is i gCarraig na bhFear, Co. Chorcaí, a rugadh é, áit a raibh roinnt mhaith Gaeilge á labhairt ag an am. Is sa Mhainistir Thuaidh i gCorcaigh agus i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, a fuair sé a chuid oideachas. Bhí sé ina eagarthóir ar Irisleabhar na Gaedhilge sna blianta 1902-1909. Ba é a leabhar Leoithne Andeas an chéád chnuasach d’fhilíocht Gaeilge ó thosaigh an athbheochan liteartha. Is iomaí sin file Gaeilge ar chuir sé eagar ar a shaothar, Aodhagán Ó Rathaille, cuir i gcás, agus Pádraigón Haicéad. Bhí Tadhg Ó Donnchadh ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ó 1916 go 1949.

Is Ollamh le Teangacha Ceilteacha Nicholas Williams i Scoil na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Payment & Security

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.

Estimate shipping

You may also like

Recently viewed