Cloch in Áit an Charnáin - Pádraig Ó Tiarnaigh


Price:
Sale price€24

Description

Seán Ó hEochaidh: Bailitheoir Béaloidis

Is cruinnchuntas é an leabhar seo ar shaol agus ar shaothar an bhailitheora bhéaloidis ba tháirgiúla dá raibh in Éirinn sa 20ú haois, Seán Ó hEochaidh.

Thar thréimhse de bhreis is caoga bliain, thaistil Ó hEochaidh casbhóithre agus cúlbhóithre Ghaeltacht Thír Chonaill, ag bailiú scéalta, amhráin agus béaloideas a bhí tugtha ar aghaidh ó ghlúin go glúin ag muintir na háite leis na céadta bliain. Rinne sé sciar suntasach den tsaibhreas chultúrtha sin a chaomhnú dúinne sula gcaillfí go deo é. I ndiaidh blianta fada de staidéar cúramach a dhéanamh ar dhialanna Uí Eochaidh, cuireann Pádraig Ó Tiarnaigh léirmheas géar ar oidhreacht an bhailitheora inár láthair, ag cur béim, ní hamháin ar an ábhar luachmhar a bhailigh sé, ach ar an chomhthéacs chultúrtha agus ar an chineál saoil a bhí ag dul i léig lena linn. Tugann sé léargas úr ar an chaidreamh a bhí ag Ó hEochaidh lena
fhostóir, Coimisiún Béaloideasa Éireann, agus lena cheannasaí, an Stiúrthóir Séamus Ó Duilearga, agus déanann sé anailís ar an chaidreamh chorrach sin a mhair thar leathchéad bliain.

Sa leabhar seo, faightear léargas grinn ar ghairm bheatha Sheáin mar a bhreac sé féin síos é, na nósanna oibre a bhíodh aige ó lá go lá, na carachtair, cairde agus cuairteoirí a mbíodh sé ag plé leo i gcaitheamh na mblianta, agus lonraítear solas úrnua ar bhaicle de na seanchaithe, scéalaithe agus amhránaithe ab fhearr riamh anall. Léitheoireacht riachtanach é seo do scoláirí béaloidis, do lucht staidéir teanga agus staire, agus do dhuine ar bith a bhfuil dúil aige i scéal maith a insítear go beo bríomhar.

Payment & Security

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.

Estimate shipping

You may also like

Recently viewed