Description
Sraith drámaí gearra mar áis ‘Drámaíocht san Oideachas’ do mhic léinn agus d’fhoghlaimeoirí Gaeilge.
Sé dhráma ghearra atá sa leabhar, trí cinn an duine leis an mbeirt údar. Scríobhadh iad do mhic léinn mheánscoile, go háirithe iad siúd san Idirbhliain, ach d’fheilfidís don fhoghlaimeoir fásta chomh maith céanna.
Áis ghníomhach agus idirghníomhach is ea na drámaí seo inar féidir leis an rang go léir páirt a ghlacadh – is drámaí iad le léamh sa rang, agus ansin le rólimirt ag na mic léinn duine ar dhuine nó ina ngrúpaí. Tabharfaidh na cleachtaí i ndeireadh gach dráma deis do na mic léinn taithí a fháil i réimsí éagsúla taighde agus cumarsáide.
Six short plays, written for secondary school students, especially those in transition year, but would be equally suitable for the adult learner.
- Na Deoraithe - Celia de Fréine
- Ar an mBruach - Fidelma Ní Ghallchobhair
- An Suíomh - Celia de Fréine
- Uisce faoi Thalamh - Fidelma Ní Ghallchobhair
- Is cliste an cailín í Anna - Celia de Fréine
- Bua na Cainte - Fidelma Ní Ghallchobhair
Payment & Security
Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.
