Skip to content

An Dialann Phleanála - Do Chleachtóirí Iar-Bhunscoile 2026/2027


Price:
Sale price€20

Description

Cruthaiodh an dialann seo, An Dialann Phleanála, le freastal ar riachtanais shonracha múinteoirí dara leibhéal san oideachas lán-Ghaeilge. Dearadh an acmhainn seo mar dhialann phleanála agus mar lámhleabhar tumoideachais in aon leabhar amháin. Is uirlis phraiticiuil í, a chuireann tacaíocht ghairmiuil ar fáil do mhuinteoir atá ag obair i suíomhanna tumoideachais iar-bhunscoile. Léiritear tuiscint ar na dúshláin uathúla a bhaineann leis an gcineál teagaisc seo agus cuirtear tacaíochtaí nithiúla ar fáil chun cabhrú le múinteoirí dea-chleachtas tumoideachais a pheanáil agus a chur i bhfeidhm go laethúil sa seomra ranga.

Is iomaí inniulacht sa bhreis atá ar mhuinteoiri iar-bhunscoile TI. Aithnitear nach leor ábhar
an churaclaim a theagasc, ní mór dúinn teanga na scoláirí a fhorbairt agus a neartú ar bhonn comhtháite, trasna na n-ábhar. Ach ní haon ríbín réidh é agus bheartaigh COGG tacaíocht a chur ar fáil le lámh cúnta a thabhairt do mhúinteoirí.

Tá templéid phleanála agus samplai pleanála le feiceáil san acmhainn seo ó mhúinteoirt sa ghort, a léirionn conas is féidir cuspóirí teanga agus ábhair a nascadh go bríoch. Chuireamar gluais de théarmaí oideachais agus tumoideachais ón taighde reatha san áireamh freisin chun tacú le muinteoirí agus iad ag pleanáil an churaclaim agus ag plé le gnáthdhioscúrsa laethúil scoile. Tá moltaí ann maidir le hoideolaíochtaí tumoideachais, le smaointe praiticiúla faoi conas iad a chur i bhfeidhm go héifeachtach sa seomra ranga.

Gheobhaidh tú acmhainní tarraingteacha ag cúl na dialainne, atá reidh le húsáid. Tá na huirlisí seo deartha chun an cur chuige comhtháite a dhéanamh níos fusa agus níos intuigthe do mhúinteoirí. Cuimsíonn An Dialann Phleanála acmhainni ginearálta chomh maith chun tacú le teagasc éifeachtach agus dea-chleachtas níos forleithne, lena n-áiritear, uirlisí le haghaidh bainistíocht ranga, measúnú, rianú scoláirí, agus tacaíocht do riachtanais speisialta oideachais.












Payment & Security

American Express Apple Pay Google Pay Klarna Maestro Mastercard MobilePay PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.

Estimate shipping

You may also like

Recently viewed

Payment, Returns & Postage

Read here about our store policies.

School Orders

Schools and other institutions can order books, request an invoice and pay by cheque or bank transfer rather than paying with a credit card.

Gift Cards

We have a range of different Gift Cards but if you require a specific value please don't hesitate to get in touch with us.

Contact An Siopa Gaeilge

We are easy to reach by post, e-mail, Facebook, or telephone. We are always happy to answer questions!