Amhráin & Dánta Raiftearaí - Dúghlas de hÍde


Price:
Sale price€10.95

Description

I 1933 a foilsíodh ‘Abhráin agus Dánta an Reachtabhraigh ar na gcruinniughadh agus ar na bhfoillsiughadh den chéad uair le Dubhglas de h-Íde, (An Craoibhín Aoibhinn)’.

Leagan méadaithe a bhí ann den chnuasach dátheangach de véarsaíocht Raiftearaí a bhí tagtha ón gCraoibhín Aoibhinn sa bhliain 1903. Foilseacháin thábhachtacha a bhí sa dá leagan, leabhair a spreag spéis sa bhfile ba thábhachtaí a shaothraigh an Ghaeilge sna blianta roimh an nGorta Mór.

San eagrán athchóirithe seo, an chéad leagan atá curtha ar fáil sa chló Rómhánach, féachann Nollaig Ó Muraíle le saothar taighde an Chraoibhín Aoibhinn a chur i láthair pobal nua léitheoirí. Agus an t-eolas cúlra ríthaitneamhach ar Raiftearaí a bhailigh De hÍde á roinnt ag an eagarthóir, roinneann sé chomh maith an t-eolas fairsing atá aige féin ar fhile mór Mhaigh Eo, ar an véarsaíocht a chum sé, ar an teanga a shaothraigh sé, ar na logainmneacha atá luaite sna dánta agus ar chuid mhór gnéithe eile de shaothar Raiftearaí agus De hÍde araon.

Leagan athchóirithe le Nollaig Ó Muraíle.

Tá an Dr Nollaig Ó Muraíle ina léachtóir i Roinn na Gaeilge. As Cnoc Mhuire, Contae Mhaigh Eo, dó; fuair meánoideachas i gColáiste Naithí, Bealach an Doirín, agus bhain na céimeanna BA, MA agus PhD amach in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad.

A completely revised new edition of Douglas Hyde's classic collection of the poems and songs of Raftery, known to generations of Irish schoolgoer’s from the poem 'Mise Raifteirí an File'.

The book is full of background anecdotes and ideas, written in Hyde's accessible, entertaining style. A best-seller in its day, this new volume is an attractive gift book for lovers of poetry and the Irish language. Includes an introductory essay that puts Hyde's work in context.

Nollaig Ó Muraíle is Emeritus Professor of Irish at NUIG Galway and a prolific writer in the area of Irish Studies, Poetry, folklore and placenames.

Payment & Security

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.

Estimate shipping

You may also like

Recently viewed